30 July 2008

Daighear dhealbhach nó dealbh lasrach?


Chonaic mé é siúd ar dtús na míosa agus smaoinigh mé: bun deilbhe atá ann. Fear phoist an t-am seo? Tá póilín agus dóiteáin agus páistí gleoite fós againn i lár an bháile.

Bhí an ceart agam: tá dealbh ann. Níl aon comhartha fós leis. Cén teideal a gcuirfeá air?

29 July 2008

Cé chomh sean atá an cappucino seo?


Fágann an uanán fáinní donna sa chupán mar i stoc crainn.

28 July 2008

Leigheas leachtach?


Cheap mé b'fhéidir gur biotáille a bhí i gceist ag an siopa fhiona i Printers' Row. Ach dúirt siad gur sean-phoitigéar atá ann, mar sin chóinnigh siad an cuid den comhartha ar son árachais. Is mian liom an bréag ná an scéal fíor.

27 July 2008

Slan leat, a Dhaithi

De Domnaigh, la na seisiuin i Chicago. Coisir chun slan a ra go Daithi agus e ag gabh go Mississippi.

26 July 2008

Ascaillí Atlais


"Is fuath liom an jab seo. Níl aon dhínit ann a bheith ag iompar sceimhle. Dá mbíodh fiu díbholaíoch agam..."

25 July 2008

Na mílte tíleanna

Lá mo bhreithlá, chuaigh mé ag siopadóireacht le tíleanna le haghaidh ár tseomra folctha.

Béidh na ballaí bán, is dócha. Agus is dóigh liom go gcuirfimid imeall le dath eile.

Tíleanna gorma as gloine...

...tíleanna ildathacha le cuilithíní

Seomrá nua-aimseartha. Deas, ach tá ár dteach sean.

Sconna samhlaíoch ar nós "Le grand bleu" -- agus praghas áibhéalach!

18 July 2008

17 July 2008

Chomh te atá sé anois


Sleabhcann an bratach Méiriceánach san aer tais, faoin ghrian gan trua. An meafar polaitiúil é seo?

16 July 2008

An raibh tú á mo chuardach?


Coinín i fairsinge seamar. Tá i bhfad níos mó coiníní sa cheantar an samhradh seo. B'fhéidir nach bhfuil go leor madra nó cat an bhlian seo ach oiread.

07 July 2008

Réalta ruibín


Déanann an priosma seo scáileanna álainne i solas na gréine. Agus cuireann an réalta dearg i gcuimhne dom na bratacha cummanacha éagsúla ó Oirthear na hEorpa.

06 July 2008

Roinnt íomhánna ó Monhegan Island

Faoi dheireadh, táim ag breathnú ar na grianghrafanna ónar laethanta saoire i Maine.

Feirdhris (nó conrós?) scartha ar an talamh mar cairpéad. De ghnáth, feicim an bláth seo ar chrann.

Rúsc chrainn péine. Is maith liom a mhothú.

Agus i ríocht na n-ainmhíthe, seo Port agus Starboard, dá mhadra a chas muid leo roimh an scoile, agus iad ag crith go truacánta.

Seo an scoil. Níl ach cúig daltaí an i mbliana.

05 July 2008

Tíogair!


Bláthanna arís, a chairde. Tá na lile thíogair comhartha cinnte meánshamhradh dar liom.

04 July 2008

Ina mílte píosaí


Caitheamh aimsire socair é sin. Teastaíonn foighne é.

03 July 2008

Bríste snasta, a bhoc!


Chonaic mé ag an stáisiún é.

I ndáiríre, bheadh sé deacair é a scaoileadh thart!