Hí hí, na buachaillí! Seo Jack agus Mike. Bhí Uncail Mike agus Aintín Karen ag tabhairt aire don grabaire. Is breá leis corn bread a ithe agus na soilse a lasadh agus múchtadh arís is arís.
Ag ár rang Dé Satharn, d'imrímis cluichí, ina measc cineál Scrabble as Gaeilge. Is díograiseoir Scrabble mé le blianta fada; mar sin bhí iontas orm go mhothaigh an eagrán turgnamhach seo beagnach ionann leis an cluiche fíor. Tá a lán ceisteanna le réitiú, mar shampla cé mhéad H a chur ann, nó cé mhéad pointe ag gach litir. GRMA, a Noah, as an cluiche!
Seo mo lón inniú. Ní dhearna mise an bia; is ó bialann seapánais é. Agus mionphointe neamhpolaitiúil. Fuair mé cúpla tacaí le haghaidh chopsticks. Cuma cruthach atá uirthí. Níl mar an boc seo...
Lá bog a bhí ann inné. I mo chuimhne, tá an earrach mar sin go buan. Nuair a bhí mé ag an ollscoil, déiríodh mo hathair dom teacht abhaile chun laethanta saoire an earraigh a chaitheamh leo. "Chuirfeá áthas ar do mhathair," a déiríodh sé. Ach bhíodh iadsan ag obair an seachtain sin, agus mar sin ní bhíodh carr le úsáid agam. Bhíodh an aimsir uafásach. Chaínn seachtain fada marbhánta sa teach. Sin an fáth nach maith liom an t-earrach ach go háirithe.
Chonaic mé a lán tiúlipí ar an Aibhinne Michigan. Chuir an radharc seo i gcuimhne dom na n-íomhánna bláthanna Georgia O'Keeffe. An dtug tú faoi deara riamh go bhfuil boladh gallchnónna ag na tiúilipí?
Ar an bhealach ar ais ó St. Louis, thugamar cuairt ionad chiallaithe Cahokia Mounds State Historic Site in Illinois. Ní raibh smaoineadh ar bith agam go raibh iarsmaí seandálaíochta chomh tábhachtacha ag an áit sin. Fuair mé an dealbh seo an-shuimiúil; is í cineál bandía talaimh í. Ní aoibh atá uirthí ar chor ar bith!
Is é Ged Foley ar an fhidil (níl ach bogha amháin aige, le fírinne, cé nach bhfuil Wayne cinnte faoi). Ba tionól deas i St. Louis Dé Sathairn: ceardlanna, cumadóirí uirlisí, ceolchoirm fada, agus go leor seisiúin.
Tá a lán seanfoirgneamh i Chicago le maisiúchán as iarainn nó criaga. Chonaic mé an chuid seo ar imeall fhoirgnimh sa sráid Van Buren. Tá cuma dréimire leathbhriste air, nó dréimire Ceilteach bfhéidir.
Seo mionphointe cláir tine sa teach Patten i bPalatine, baile atáim i mo chónaí. Is aon na títhe is sinne agus is álainne sa mbaile agus tá sé le dhíol. Suite ar dhá acra, tá sé an-tharraingteach do forbairtheóirí; chuirfeá roinnt mhaith condos ann. :^p Déantar reifreann inné ar a son.
Is comhartha cinnte an earraigh nuair a tagann na foirne rámhaíthe ar an Abhainn Chicago. Is maith liom go bhfuil aon grúpa ag tarraingt siar ag an nóiméad céanna go bhfuil an foireann eile cromtha go géar. Imíonn siad agus a ráimhe ag fágáil fáinne in a ndiaidh.
Ag Intelligentsia Coffee déantar na lattés is áille sa domhan. Tá siad blasta freisin, agus tá siopa caifé deas beag acu in ngar leis an oifig. Nuair a ólaim latté maith, mothaíonn mé fuinneamh ag rith tríd mo choirp. Is druga é an caifé, gan dabht!
Bláthanna gorma - tugtar "hydrangea" orthu as Béarla. Cuimhnigh siad dom an Bhriotáin. Fásann na bláthanna sin in aice leis an fharraige. Tá siad gorm nó bándearg ag brath ar aigéadacht na hithreach.
Thit an teocht go tobann i Chicago an seachtain seo. Chlúdadh na plandaí roimh an bhialann Elephant & Castle le nuachtáin agus "duct tape" i gcoinne an fuacht.