
Níl a fhios agam cén chaoi a tharla é, ach bhris mé an scáileán mo cheamara. Ochón!
Táim ábalta grianghraif a dhéanamh i modh uathoibríoch, ach ní fheicim faic. Feicfímid cad a dhéanfaidh mé. Bfhéidir go mbéidh sé le deisiú. (Seo an Canon Caoineadh, mar an Mac Brónach)
Dóbair gur bhris mé lionsa mo cheamara féin ag an bhFeis. Bhí mé chun scannáinín a dhéanamh leis, agus d'inis sé nach raibh an cárta ceangalta i gceart. Bhuail mé é chun é a shuímhiú - agus cheap mé go raibh an lionsa dúnta - ach ní raibh. Bhí sé stucáilte agam, agus rinne sé gearrán nuair a dhún mé é ina dhiaidh sin. Tá sé ag obair i gceart anois, buíochas le Dia. Cheap mé gur bhris mé é.
ReplyDeleteRinne m'iníon praiseach de scáileán a ríomhaire glúine uair amháin. Is olc an rud sin. Tá súil agam go bhfaighfidh tú réiteach.