28 March 2008

Lashon ha-ra


Sa traein ar maidin. Níl ach lá tipiciúil ann. Tá an bhean romham ag caint gan stad leis a comrádaí. Bean bhreá dheachóirithe í, ach éiríonn a aghaidh díchumtha agus í ag cúlchaint ar dhuine óna oifig (bean eile, ar ndóigh).
Is peaca trom é, an lashon ha-ra (sin an téarma Giúdach de). Gortaitear trí dhuine: an ceann a insíonn an scéal, an ceann a chloiseann é, agus an ceann a labhraítear faoi.

3 comments:

  1. Is minic scéal le múineadh sa sean-am, ach seo agat grianghraf le múineadh.

    Maith thú!

    Ní maith liom drochchaint ach an oiread, nó lashon ha-ra !

    ReplyDelete
  2. GRMA, a Fhearn. Is féidir go dhéanaimse féin peaca, an scéalín sin a nochtadh. :^/

    ReplyDelete
  3. Ach gan duine inste scéil, ní bheadh scéalta againn!!!

    ReplyDelete