Tá an siopa leabhair athlaimhe seo lán lán le gach cineál ábhar léitheoireachta. Bíonn eagla dótháin orm gach uair a théim ann. Níl a fhios agam an dhíolann siad mórán leabhair, ach is dóigh liom go cuma leo.
Seo mo comhghleacaí Peter. Is sár-cheoltóir é, den tseánra ceol an Athbheochana. An bhfuil a fhios agat ainm na h-uirlise? An freagra: theorbois ainm dó. Ceapadh ar dheireadh an 16ú aois le haghaidh basso continuo.
Ta Jeaic Óg i ngrá le gach rud leictreach no meicniúil. "An oibrionn é seo le batairí nó le leictreachas?" a fiafraionn se i gcónaí. Tá sé trí bhlian d'aois. "An feidir liom imirt leis an remote do do charr?" ceann eile dena ceisteanna a bhíonn aige. Mar sin, cheap muid go mbainfeadh sé taitneamh as ár tsean-fón póca. Thug muid dó é, agus bhí se breá sasta. "Mo RAZR" a tabhrionn sé air. Ach ar an drochscéal, rinneamar dearmad den charger. Thug me beagán "sú" dó sa charr ar an mbóthar an maidin sin, ach ni fhagfadh sé fada. Gheall muid an charger a chur sa phost an lá ar na márach. "Nach féidir libh é a chur sa phost inniu?" an cheist a bhí aige ansin.
Tá na bláthanna ag pléascadh sa ghairdín! Bláthanna bándearga i gcruth croí (níl a fhios agam an t-ainm atá orthu). Agus an raithneach arís, mar duine ag mhuscailt.
Fuair mé bailiú boscanna toitíní folamha ar an talamh sa gharáiste poiblí. Samhlaim diúlach ag féachaint gach comhartha go gcaitheann sé tobac a scriosadh as an gcarr, chun an fírinne a coinneamh i bhfolach óna thuismitheoirí, nó óna bhean chéile.
Tagann grúpa daoine ó Falun Gong go dtí an plaza ó am go ham le aithne a n-eagraíochta (a gcreideamh? a mbéascna?) a chur chun cinn. Ní thaispeántar a lán aire óna daoine ag dul thar bráid.
Is ea, bhris mé mo bharraicín aréir. Níl sé ró-dhona, ach ní gá dom bheith ag siúl an iomarca ar feadh roinnt lae. :^p Focal beag le pé a bhí ag áil go mbristear mo chosa, mo chosa: ní Páidín an t-ainm atá air!