Uaireanta feicim graffiti chomh greanta, chomh maisithe... ... nach féidir liom socrú má rud deas nó rud olc é... ...mar go bhfuil mórmheas agam ar an gceardúlacht in ainneoin mé féin.
Is breá liom an teach nua seo atá á thógáil os cionn an motorbhealaigh i Chicago. Tá cuma chaisleáin air, nach bhfuil? Ach is dócha nach bhfuil sé ró chiúin ar na léibheanna nó na balcóin leis an trácht thios úd ar an gKennedy.
"Ní le faocháin ná le bairní ná le blath na scalliún dearga A mheall mise Máire Mhór, ach le... ...Onnúin friochta chomh mór leis a ceann dheas chatach!" Is breá liom na n-oinniúin, agus ní sheachaim an bia friochta, ach cuirfeadh béile mar sin tinneas goile orm an chuid eile don lae!
An cuimhin leat Sandy, an madra sa sean stiallchartún "L'il Orphan Annie"? Deireadh sé "Arf!"
Bhuel, ag an Fhéile Milwaukee i mbliana, bhí taispeántas brocairí ann. Nuair a d'éist mé leo, bhí siad ag rá "Arf", go soléir.
Ní nuacht an-mhór é sin, ach bhí mé sásta go raibh an fuaim cruinn ag Harold Gray nuair a thug sé guth do Sandy sa Chicago Tribune ochtó bliana ó shin.
Ba é Tadhg Mac Dhonnagáin ball den ghrúpa ceolteoirí Gaelacha a tháinig do Milwaukee le haghaidh an fhéile. Chas sé roinnt amhráin le haghaidh páistí, agus léigh sé dánta óna leabhar deas Aniar.
Taispeántas damhsa ar a sean nós sa phuball Gaeltachta ag an Fhéile Éireannach Milwaukee. Ón chlé: Ryan, Brían, Caitríona, agus Barney. Bhí Brían ag múineadh an damhsa ag an scoil samhraidh an seachtain roimh an fhéile.
Lúibín Ó Lú agus... ...Lúibín Ó Laoi Thugann Ray Mac Mánais agus Joe Ó Domhnaill sampla den saghas amadántacht atá sna lúibíní ag Oireachtas na Gaeilge do lucht féachaint Milwaukee.
Chonaic mé an foirgneamh seo i lár Milwaukee, a insíonn stáir na comhlachtaí teileafón sa tír seo. Ar bharr an bhalla: an Comhlacht Ghutháin Wisconsin. Faoi sin: Córas Bell. Ar bun: AT&T (Teileafón agus Teileagraf Mheiriceá).
Ó am go ham, tá scaileanna mar seo le feiceáil ar balla fhoirgnimh móra i Chicago. Is maith liom tairngreacht rúndiamhair a shamhlú ann, mar sa leabhair Daniel sa mBíobla. Cén saghas teachtaireacht atá fágtha linn mar seo?: - "Beidh na Cluichí Oilimpeacha ag siúl i Chicago i 2016. Éalaigh roimh a mbeidh sé ró dhéanach." - "An chaoi cinnte, slán agus éasca 5 kg a chailleadh i seachtain amháin ná..." - "Má tá tú in ann é seo a léamh, tá tú ró-chóngarach."
Taim in Indiana an maidin seo. Ta iontas orm na chomh gasta a athraionn an solas ar dtus an lae. (Nota beag: tiocfaidh na sinte fada nios moille - ni he mo riomhaire fein e!)