I gcroílár Grant Park i Chicago, tá fuarán álainn ann. Thug Kate Buckingham é mar leacht i gcuimhneamh a dearthár Clarence. Is cóip é de ceann ag Pálas Versailles. Athchóiríodh é i 2000.
Nuair a chan Barbra Streisand faoi "róisín faoin sneachta Aibreáin," cheap mé go raibh an file sin dúr, mar ní fhaca mé a leithéid de rud riamh, fiú sna blianta is measa. Ach anois: sneachta an 18ú Aibreáin! Tá an t-amhrán fós dúr d'ainneoin sin, mar bíonn an iomarca céille ag na rósanna teacht amach chomh luath sin. Ach an t-amadán sin de toir Forsythia...
Bíonn spraoi agam gach uair a thagann mé go dtí an Runcible Spoon i mBloomington. Tá caife iontach ann, tá an bia go deas, agus níor chaill siad riamh spiorád na seachtóidí. Agus tá éisc sa folcadán ann.
Roimh ár dturas, rinne mé taighde faoi praghas bhosca mór Barry's Tea (an branda tae is fearr liom) in Éireann. Anseo, íocann mé um $8 le 80 mála tae. Fuair mé 160 mála le €6.29 (um $9.06) ag Tesco. Nach sásta atá mé! (Fiú mura bhfuil "Karen's Tea" le feiceáil ar an gcomhartha fógráin.)