18 July 2013

Tonn teasa

Nuair a thagann tonn teasa go hÉireann --
Laetha fada 's oícheanta teo --
Bíonn daoine ag pléascadh le háthas:
"Go raibh aimsir mar seo ann go deo!"
Ach tar éis cúpla lá dá lethéidse
Is ar éigean a bhfuil siad beo:
Tá siad cráite is leáite is dóite
Mar ní thaitníonn an ghrian sin leo.

"Tabhair ar ais dúinn fearthainn is báisteach.
Beimid sásta le scamaill is ceo.

Mar cad é a bhfuil againn géarán faoi
Le haimsir ar nós Mheicsiceo?"

3 comments:

  1. is glas na cnoic i bhfad uainn, agus is geal an ghrian - go dtí go dtagann sí!

    ReplyDelete
  2. Tonn gréine le fonn filíochta!

    ReplyDelete