25 December 2007

Nollaig Shona Daoibh


An crann Nollag i Daley Plaza i Chicago. Déantar as céad crann é, agus tá sé árd de 85 troigh.

22 December 2007

Agus cad ba mhaith leatsa, a chailín?


Tá teach Daidí Nollag i lár an mhargaidh Nollag Gearmánach i Chicago. Tagann slua ceannaíthe ón Ghearmáin gach bhliain le earraí Nollag traidisiúnta: maisiúcháin, milseáin, fíon te, srl. Bíonn líne fada páistí chun cuairt a thabhairt do Daidí Nollag. Agus mise ag spléachadh tríd an bhfuinneog mar spiaire nó saofóir...

21 December 2007

Meisias le déanamh tú féin


Ag an stáisiún, chonaic mé a lán daoine ag teacht chun an cathair mór don tráthnóna, agus cuid maith dóibh cóiriú. D'fhifraigh mé den bhean óg seo cad a bhí ar siúl. "An 'Meisias ag Haendel D.I.Y.'," a dúirt sí, "ag an Lyric Opera. Tagann ár dteaghlach gach bhlian." Bhí carn scóir aici, is amhlaidh. Tradisiún an-dheas é: is féidir le gach aon duine bheith ina amhránaí oíche amháin ar a laghad, agus sa halla ceolchorma is álainne an chathrach ar a bharr sin!

20 December 2007

An Rós Deireanach


Nuair a téinn go Chicago agus mé ar laethanta saoire ón ollscoil, déanfainn oilithreacht chun Rose Records, an siopa ceirníní is mó sa gcathair. Faighinn ceol clasaiceach, snagcheol, ceol tíre, ceol traidisiúnta ó gach cúinne an domhain. Nuair a cheannaigh Tower Records an sraith, ní an siopa céanna é a thuilleadh. Dhúntaí na siopaí Tower anois. Fuair mé an sean comhartha nocht seo taobh amach den bunshiopa sa sraid Wabash, thíos an El. Slán go deo, na laethanta sin, parthas na ceirníní!

19 December 2007

Lomán Nollag


Bíonn ceant againn inár n-oifig gach bhliain le haghaidh airgead a chruinniú le carthanacht. Thairg mé bûche de Noël arís. Is císte Fhráincis é, i gructh lomán. Tá sé i bhfad níos inite ná fíor lomán, áfach! Déanaim é le Grand Marnier agus uachtair lasctha (?). Tá na muisriúin mar sort a chonaic mé ar gcrann inár tsráid. "Ní ithtear an cuileann!" a scríobh mé ar an nóta a chur mé leis. An rud is fearr: rinne mé é don té a bhuail an ceant, diúlach dar ainm Noel. Mar sin, tar éis mórán blianta a bhím ag dhéanadh an císte siúd, seo mo chéad bûche de Noël de Noël! Tá an t-oideas ar fáil anseo.

17 December 2007

Deatach ar an uisce


OK, ní deatach fíor é. Thug mé faoi deara i gcúrsa na blianta go bhfuil gal uisce le feiceáil nuair a éiríonn an aimsir an-fhuar go tobann.

16 December 2007

Le hais a chéile


Bhíomar ag tiomaint trí Skokie (fo-bhaile Chicago a bhfuil daonra Giúdach tromlaigh ann) nuair a chonaic mé na comharthaí seo i ngar dóibh chéile. Insíonn an phictiúr seo an scéal iomlán, dar liomsa. Bíonn na tradisiúin Giúdacha ag cuimhlint leis an gcultúr tromlaigh Méireceanach; cultúr Críostúil agus tráchtálach é. Bíonn imní i gcónaí ar na dtuismitheoirí nach bhfanfaidh na daoine óga sa reiligiún. Mhealltar iad leis an inneal iomlán Nollag a siúlann gach bhliain anseo. (Is cór le rá go bhfuil an fadhb céanna ag na Críostaithe nach bhfaigheann a luachanna sa nós sin ceiliúrtha).

14 December 2007

Siúltar thart


Bíonn ball Airm an Slánú ag an stáisiún gach lá. Roimh Nollaig, tagann cúpla bean agus seinnean siad carúil. Bhuel, dá fheabhas é an ceol, siúlann an cuid is mó na daoine thart. Tagann suim tobann acu san urlár, sa gcomhrá ghutháin, san aer os comhair a n-aghaidh.

12 December 2007

Nach gadaí dána thú!


An bhfuil sé ag goid diamaint, nó ag crochadh soilse bána sa siopa seodóireacht?

Ag féachaint ar ais

Chruinnigh mé roinnt grianghraif ón seachtain déireanach mí Shamhna. Tá siad ar fáil anois:

07 December 2007

Ceithre choinneal


Seo an cheithre oíche Chanukah anocht. Lasann muid cúig choinneal: tugtar shamash (seamáis as Gaeilge, b'fhéidir?) ar an gcéad coinneal. Is é an searbhónta a usáidtear chun na coinnle eile a lasadh. Más maith leat bheith cliste, is féidir leat a rá nach menorah ach ainm ginearálta agus gur chanukiyah an téarma is ceart don coinnleoir craobhach le naoi craobh faoi choinne Chanukah.

06 December 2007

Tosnaíonn go mór an chuma Nollag a bheith air


Taobh amuigh siopa an bhláthadóra chonaic mé pacáistí arda i ndiaidh a chéile.

Bhí mé fiosrach nuair a fuair mé spléachadh ar duilleog dearg ann.

Bhí a fhios agam - poinsettia atá ann! Euphorbia pulcherrima. Is planda dúchasach de Meicsiceo é. D'ainneoin a dhath dian, níl sé nimhiúil.

05 December 2007

Nach bhfuil tú fuar?


Tá súil agam gur féidir leí léim anuas óna seastán agus caifé te a fháil ag McDonald's ar a cúl.

04 December 2007

Téada aoibhinn


Chuaigh mé chun siopa veidhlíní. Táim ag cuardach uirlis nua. Nuair a shiúl mé isteach, thuig mé go raibh mé san áit ceart. Bhain mé triail as roinnt veidhlín deasa--ba pléisiúr mór é.

Bhí taobh amháin den seomra mór lán le dordveidhil, i sraitheanna mar armtha taibhse ag fanacht bheith ag máirseáil.

03 December 2007

An Suirbhéir Socair


Tá a fhios agam nach bhfuil sé ach suirbhéireacht, ach tá cuma air bheith ag ra a phaidreacha. Eisean ina áit socair agus an saol ag casadh timpeall air.

02 December 2007

Rita ina banríon


Ag an chéad fhéile "na laethanta saoire" (is amhlaidh atá Nollaig), d'oscail muid pléascóga Nollag. Bhí gach aon duine ann ag caitheamh corón pháipéir óir mar an oiread sin amadáin!

30 November 2007

Caochann na crainn


Tá gairdín beag deas i lár an gceantar airgeadais. Tá ballaí íseal le suígh orthu faoin scáth na gcrann. Mura na colúir a fanann do ghrabhróga agus toirneach an 'El' gach cúpla nóiméad, is láthair suaimhneach é.

29 November 2007

Fear déirce


Feicim an fear bocht seo beagnach gach lá ag an gcúinne céanna. Bíonn sé ar a nglúine, rud a cuireann cuma an-truacánta air.

28 November 2007

Fáinne óir ort!


Nach bhfuil an iomarca am ag na freastalaí siopa?

27 November 2007

Tagann an traein


Tá an talamh cothrom
Tá an spéir mór
Tagann an traein go tapaidh
Tá mé déanach go leor.

26 November 2007

26ú mí Shamhna


Ní ba chóir dom bheith ag breathnú isteach sna bhfuinneoige na gcomharsanna, ach maith dom, an maidin seo bhí an feic iontach deas!

25 November 2007

An stopallán suairc


Bhí mé ag glanadh mo pheann tobair nuair a thug mé faoi deara go raibh aghaidh grinn sa doirteal. Níl rud ar bith ró amaideach dom mar ábhar ghriangraif.

Moch ar maidin


Níl sí chomh géar ná ba mhaith liom, ach tá na maidne gheimhridh go beacht mar seo. Feictear na spéire is álainne na maidne fuara.

24 November 2007

Cogadh na rósanna


Ceann eile ón gcartlann. La an tórraimh, bhí na páistí ag imirt le rósanna. Níor thuig siad gur ócáid sollúnta a bhí ann. Bhí an rud iomlán leadránach dóibh, mar sin thosaigh siad ag troid le bláthanna mar siamsa. Ar dheireadh, chuirtear na rósanna sa chónra mar ba chóir dóibh.

12 November 2007

Athchursáil ar rothaí


Nuair a chonaic mé an rothar seo, cheap mé go raibh sé ag an fear siúd, ach bhí sé ag ceangailt rothar eile.

Bróg agus cláir cupáin caifé...

An t-uafás maisiúcháin!

Agus slat brathadóir uisce.

11 November 2007

Cáca bhreithlae


Cáca milis domsa?

Feicfidh mé an bhfuil sé blasta.

Óóóóó, tá mé sásta!

Breithlá shona duit, a Jeaic!

09 November 2007

Duilleoga dearga


Ní thuirsím riamh na duilleoga san fhómhar, na mailpe go háirithe. Tá músaem na mailp i Vermont.

08 November 2007

Tuairaim ar barr a theanga


Ní thuigim cén fáth nach bhfuil Yone sásta go grianghraf glactar de.

07 November 2007

Chonacthas ón traein


Ar an traein an maidín inniu, chonaic mé grúpa mhic léinn. Cé go bhfuil siad ag codladh san íomhá seo, cúpla nóiméid níos déanaí, bhí siad ag abair amhrán. Ba amhrán chuimhne é, faoi choinne ghramadaí na Gréigise.

Agus ag an stáisiún leathdheireanach, chonaic mé an fear seo. Cé go raibh an maidin fuar, bhí sé ag fanacht go foighneach leis a dhialann agus a chupan chaifé.

05 November 2007

Na Bríceadóirí


Is cosúil go bhfuil siad ag tógáil an foirgneamh as a chéile, bríce go bríce. Ach is dóigh liom go ndéanann siad deisiúcháin.

Dála an scéil, déanann siad a gcuid obair ar an naoú urlár is déag. Bímid ag gearán faoinár "cubicles", ach ar a laghad ní bhogann siad nuair a thagann an ghaoth!

04 November 2007

Seisiún an Domnaigh


Seisiún mór ag Nevin's in Evanston. Agus scéal maith- ta Kieran O'Hare agus Liz Knowles ar ais i Chicago! Sa ghrianghraf: Kieran O'Hare agus John Williams.

02 November 2007

Féach suas!


Ar taobh ó thuaidh den amharclann Chicago, tá vearanda os cionn an chosáin. Teastaíonn ón síleáil deisiú agus péinteáil, ach tá sé fós breá.

Radharc taobh istigh den "Rookery", togadh in 1888. Maireann sé geal agus galánta.

01 November 2007

An máidin tar éis na féile


D'ainneoin na hoíche fada agus fuair, tá Jeaic chomh gealgháireach i gcónaí. Bhuail mé leis agus mise ag siúil go tuirseach chun an traein. Hunh!

31 October 2007

Oíche Shamhna


Tagann na páistí idir trí a chlog agus seacht a chlog. Fileann na daoine fásta abhaile ón obair beagán go luath i gcomhair a bheith ann chun milseáin a thabhairt amach ag an doras. Glaoigheann clog an dhorais aris is aris. Tá an cuid is mó dóibh béasach; déir siad "trick or treat" agus "go raibh maith agat." Tá muid cuiosach fial; faigheann gach páiste barra seaclóide Snickers-- barra mór, fíor barra seachas na barraí gortacha ar a dtugtar "méid spraoi".

30 October 2007

Nocht sa ghairdín


Tarraingt an séasúr ar a dheireadh sa ghairdín, ach tá cúpla bláthanna ag seasamh a thuilleadh. Tá an bláth seo ina Rita Hayworth, dathannach ar fad d'ainneoin an bhfuacht.

28 October 2007

Ba chóir dom uachtar frithsholais a chur orm


(Sin rud a dúirt an duilleog nuair a thug sí faoi deara gur raibh sí ag éirí buí.)
Chuaigh mé amach inniu le haghaidh grianghraif a thabhairt do comórtas ar líne. Ach níor thug mé faoi deara go raibh an spriocdháta áirithe ar am an Oirthear, mar sin uair a chlog níos déanaí ná mise. Nuair a bhí mé réidh an grianghraf a chur isteach, bhí mé leath-uair ró moille. Téama an comortas? Tús an deiridh! ;^)

26 October 2007

Séideann sé sacsafón sa sráid


Bíonn roinnt ceoltóirí agus beacaigh i ngar don stáisiún gach lá. Tá dhá fhear a seinnean sacsafón. Seo an té nach aithním riamh an fonn a séideann sé. Éist mé go crua, ach ní chloisim riamh patrún ann. Má píosa cheoil cumtha é, tá sé dothuigthe.
Agus ní thabhrionn mé airgead dó riamh. Níl a fhios agam má tá an ceart agam, ach dar liomsa, ní gá dom airgead a thabhairt do dhuine má seinnean sé ceol gan a bheith ceolmhar.

24 October 2007

Deora na mailpe


Tháínig an fómhar faoi dheireadh, agus tá na mailpeanna ag cailleadh duilleoga scarlóideacha. Is breá liom an séasúr seo.