25 December 2007

Nollaig Shona Daoibh


An crann Nollag i Daley Plaza i Chicago. Déantar as céad crann é, agus tá sé árd de 85 troigh.

22 December 2007

Agus cad ba mhaith leatsa, a chailín?


Tá teach Daidí Nollag i lár an mhargaidh Nollag Gearmánach i Chicago. Tagann slua ceannaíthe ón Ghearmáin gach bhliain le earraí Nollag traidisiúnta: maisiúcháin, milseáin, fíon te, srl. Bíonn líne fada páistí chun cuairt a thabhairt do Daidí Nollag. Agus mise ag spléachadh tríd an bhfuinneog mar spiaire nó saofóir...

21 December 2007

Meisias le déanamh tú féin


Ag an stáisiún, chonaic mé a lán daoine ag teacht chun an cathair mór don tráthnóna, agus cuid maith dóibh cóiriú. D'fhifraigh mé den bhean óg seo cad a bhí ar siúl. "An 'Meisias ag Haendel D.I.Y.'," a dúirt sí, "ag an Lyric Opera. Tagann ár dteaghlach gach bhlian." Bhí carn scóir aici, is amhlaidh. Tradisiún an-dheas é: is féidir le gach aon duine bheith ina amhránaí oíche amháin ar a laghad, agus sa halla ceolchorma is álainne an chathrach ar a bharr sin!

20 December 2007

An Rós Deireanach


Nuair a téinn go Chicago agus mé ar laethanta saoire ón ollscoil, déanfainn oilithreacht chun Rose Records, an siopa ceirníní is mó sa gcathair. Faighinn ceol clasaiceach, snagcheol, ceol tíre, ceol traidisiúnta ó gach cúinne an domhain. Nuair a cheannaigh Tower Records an sraith, ní an siopa céanna é a thuilleadh. Dhúntaí na siopaí Tower anois. Fuair mé an sean comhartha nocht seo taobh amach den bunshiopa sa sraid Wabash, thíos an El. Slán go deo, na laethanta sin, parthas na ceirníní!

19 December 2007

Lomán Nollag


Bíonn ceant againn inár n-oifig gach bhliain le haghaidh airgead a chruinniú le carthanacht. Thairg mé bûche de Noël arís. Is císte Fhráincis é, i gructh lomán. Tá sé i bhfad níos inite ná fíor lomán, áfach! Déanaim é le Grand Marnier agus uachtair lasctha (?). Tá na muisriúin mar sort a chonaic mé ar gcrann inár tsráid. "Ní ithtear an cuileann!" a scríobh mé ar an nóta a chur mé leis. An rud is fearr: rinne mé é don té a bhuail an ceant, diúlach dar ainm Noel. Mar sin, tar éis mórán blianta a bhím ag dhéanadh an císte siúd, seo mo chéad bûche de Noël de Noël! Tá an t-oideas ar fáil anseo.

17 December 2007

Deatach ar an uisce


OK, ní deatach fíor é. Thug mé faoi deara i gcúrsa na blianta go bhfuil gal uisce le feiceáil nuair a éiríonn an aimsir an-fhuar go tobann.

16 December 2007

Le hais a chéile


Bhíomar ag tiomaint trí Skokie (fo-bhaile Chicago a bhfuil daonra Giúdach tromlaigh ann) nuair a chonaic mé na comharthaí seo i ngar dóibh chéile. Insíonn an phictiúr seo an scéal iomlán, dar liomsa. Bíonn na tradisiúin Giúdacha ag cuimhlint leis an gcultúr tromlaigh Méireceanach; cultúr Críostúil agus tráchtálach é. Bíonn imní i gcónaí ar na dtuismitheoirí nach bhfanfaidh na daoine óga sa reiligiún. Mhealltar iad leis an inneal iomlán Nollag a siúlann gach bhliain anseo. (Is cór le rá go bhfuil an fadhb céanna ag na Críostaithe nach bhfaigheann a luachanna sa nós sin ceiliúrtha).

14 December 2007

Siúltar thart


Bíonn ball Airm an Slánú ag an stáisiún gach lá. Roimh Nollaig, tagann cúpla bean agus seinnean siad carúil. Bhuel, dá fheabhas é an ceol, siúlann an cuid is mó na daoine thart. Tagann suim tobann acu san urlár, sa gcomhrá ghutháin, san aer os comhair a n-aghaidh.

12 December 2007

Nach gadaí dána thú!


An bhfuil sé ag goid diamaint, nó ag crochadh soilse bána sa siopa seodóireacht?

Ag féachaint ar ais

Chruinnigh mé roinnt grianghraif ón seachtain déireanach mí Shamhna. Tá siad ar fáil anois:

07 December 2007

Ceithre choinneal


Seo an cheithre oíche Chanukah anocht. Lasann muid cúig choinneal: tugtar shamash (seamáis as Gaeilge, b'fhéidir?) ar an gcéad coinneal. Is é an searbhónta a usáidtear chun na coinnle eile a lasadh. Más maith leat bheith cliste, is féidir leat a rá nach menorah ach ainm ginearálta agus gur chanukiyah an téarma is ceart don coinnleoir craobhach le naoi craobh faoi choinne Chanukah.

06 December 2007

Tosnaíonn go mór an chuma Nollag a bheith air


Taobh amuigh siopa an bhláthadóra chonaic mé pacáistí arda i ndiaidh a chéile.

Bhí mé fiosrach nuair a fuair mé spléachadh ar duilleog dearg ann.

Bhí a fhios agam - poinsettia atá ann! Euphorbia pulcherrima. Is planda dúchasach de Meicsiceo é. D'ainneoin a dhath dian, níl sé nimhiúil.

05 December 2007

Nach bhfuil tú fuar?


Tá súil agam gur féidir leí léim anuas óna seastán agus caifé te a fháil ag McDonald's ar a cúl.

04 December 2007

Téada aoibhinn


Chuaigh mé chun siopa veidhlíní. Táim ag cuardach uirlis nua. Nuair a shiúl mé isteach, thuig mé go raibh mé san áit ceart. Bhain mé triail as roinnt veidhlín deasa--ba pléisiúr mór é.

Bhí taobh amháin den seomra mór lán le dordveidhil, i sraitheanna mar armtha taibhse ag fanacht bheith ag máirseáil.

03 December 2007

An Suirbhéir Socair


Tá a fhios agam nach bhfuil sé ach suirbhéireacht, ach tá cuma air bheith ag ra a phaidreacha. Eisean ina áit socair agus an saol ag casadh timpeall air.

02 December 2007

Rita ina banríon


Ag an chéad fhéile "na laethanta saoire" (is amhlaidh atá Nollaig), d'oscail muid pléascóga Nollag. Bhí gach aon duine ann ag caitheamh corón pháipéir óir mar an oiread sin amadáin!