21 December 2009

Pé rud ba mhaith leat


Fuair mé bronntanas inniu. Tá mo chara i ndiaidh filleadh ó turas go Iosrael. Thug sé dreidl dom ó Iarúsailéim. Is saghas caisil é, agus imrítear cluiche leis i rith na féile Giúdacha Chanukah. Tá litir ar gach taobh de, agus déanann siad acrainm den phráis seo (as Eabhrais):
Nun, Gimel, Hei, Shin
Nes Gadol Haya Sham

"Tharla míorúilt mhór ansin."

Tá rud faoi leith leis an dreidl seo agam, áfach. In áit Shin, tá Pei ann ar an ceathrú taobh. Mar sin, tá an acrainm : Nes Gadol Haya Po = "Tharla míorúilt mhór anseo!"

20 November 2009

Leagadh fear ag an trasnú


Chonaic mé é an samhradh seo, i dtrasrian coisithe i Chicago. Ní raibh mé cinnte an raibh sé cairdiúil, mar sin chuaigh mé thart gan labhairt leis.


Ach bhuail mé leis i ndiaidh na pábhála sraide, agus ní an duine céanna ab é a thuilleadh. Tá saol na sraideanna crua.
(Cineál mím atá ann dar liom féin. Féach freisin: Cad é an Ghaeilge ar "meme"?)

18 November 2009

Ag imirt cispheile sa spéir



Chonaic mé grúpa bhfear ag imirt cispheile an tráthnóna seo.



Níl a fhios agam an bfuil na himreoirí ard, ach tá siad ard go leor-- tá an cúirt sin ar 23ú urlár an phríosúin.

16 November 2009

Fainic na frídíní



Ar dtús cheap mé go raibh cineál gléas fiacla ag an bhean óg sa siopa sushi.

Ansin thuig mé go sciath anála a bhí ag chuile fostaí sa mbialann. Ar a laghad, ní mascaí máinliachta a bhí i gceist!

13 November 2009

Cé leis a bhfuil sibh ag fanacht?


Bhí bachlóige ann. Bhí bláthanna ann. Bhí silíní ann. Bhí duilleoga ann freisin an t-am ar fad. Imeoidh siad anois.

17 October 2009

I gCuimhneamh Mhichíl/ In Memoriam





Cailleadh ár múinteoir, Michael McMechan 16.10.2009. Fear éigseach agus fial a bhí ann. Ní bheith a leithéid arís ann.

14 October 2009

13 October 2009

Fainic an trácht!


Thóg mé an taicsí-uisce inniu i Chicago. Chuaigh an bád faoi mórán droichead, agus fuair mé an adharc seo taobh thuas sráide éicint. Níl aon baol ann, ach tháinig crith beag orm agus gluaisteán ag dul thart thuas.

21 September 2009

Is cuma leis


Bhí ceol an-deas á sheinm
Ach níor thug sé aird dá laghad air
Bhí sé ag téacsáil go géar
An measann tú céard a scríobh sé?

18 September 2009

Buifé pop-arbhar


Gealbhan (is dóigh liom) a bhfuil an pop-arbhar chomh breá leis ná mise!


Déanann stacán cúís mar cuntar bia.

16 September 2009

Drúcht na maidine


Níl an radharc seo chomh pictiúrtha ná braon drúchta ar bhláth nó ar dhuilleog, ach tá sé sonraíoch go leor, gach braon ina sholas geal beag.

15 September 2009

Mo ghréasaí bróg


Seo Larry. Is é an t-úinéir Al's Shoe Service. Bhunadh an siopa gréasaí bróg lena athair, Al i 1937. (Tá Al le feiceáil sa ghrianghraf siúd sa gcoirnéal, le chéile le Larry. Tá Larry bródúil faoina athair.) Seinnean sé snagcheol, agus bíonn a fhliút sa siopa leis chun go seinnfidh sé fonn dona custaméirí.

11 September 2009

An tusa, Nokomis?


Chonaic mé an gealach sa spéir ar chúl deilbhe Ceres. Leis an Indiach (ní dheirtear "Indiach Dearg", surely?) sa radharc, chuireadh i gcuimhne dom an dán "An tAmhrán Hiawatha" le Longfellow.

27 August 2009

TG4 gan fotheidil


Rinne muid cóiríocht gan a bheith in ann na fotheidil Béarla a léamh nuair a bhí muid ag breathnú ar clár ar TG4 Online.

26 August 2009

Fáilte ó Pláinéad Bricfeasta


Tá an caifitéire seo an-chiúin ar maidin. Uaigneach. Tagann na neacha neamhshaolta ann chun a mbéilí. Agus na baincéirí freisin.

25 August 2009

Díon nua le teach sean


Cuirtear díon nua ar ár dteach. Tá ceithre sraith ann: na tíleanna as adhmad a chuireadh air céad bliain ó shin, agus trí sraith tíleanna pháipéir tarra. Mar sin, obair dian ar an díon.

23 August 2009

Féar factor


Níl rud ar bith níos fearúla ná fear a bhfuil boladh féir air...

21 August 2009

Stáplaí


Is maith liom an mothú déanta le na mílte stápla crochta ar cuaille teileafón i rith na mblianta. Bhí comharthaí an tráth, le seirbhísí, rothair le díol, arasáin le ligean ar cíos.

Níl fágtha anois ach stáplaí meirgeacha.

20 August 2009

Cén treo chuig an chlós páirceála?


Ar aghaidh céad troigh agus ansin ar dheis... nó ar dheis tríocha troigh agus ansin ar chlé?

19 August 2009

Néal focal


An clár dubh sa rang Sult ag Ray Mac Mánais an tseachtain seo caite. Bhí mais criticiúil Gaeilgeoirí ann, mar sin bhí seimineár breá teanga againn.

18 August 2009

Lá geal i Milbhácaí


Spuaic ar foirgneamh i lár na cathrach i Milbhácaí. Iontas na n-iontas, aontaíonn na dhá aghaidh le chéile - leathuair tar éis a hocht.

17 August 2009

Cuibhrithe


Chonaic mé an foirgneamh seo ceangailte le cáblaí i Milwaukee. Chuala mé go bhfuil sé mar sin le bliain ar a laghad. Tá sé ina suí ar cineál trucaile; an aistreofar é lá éigin?

23 July 2009

Ceansú trácthat uirbeach


D'osclaíodh poll leathan agus deimhin i lár an chrosbhóthair. Ní fhaca muid fós duine ag obair ann.

Cineál faoi leith saoirse


Tá an Jeep Libery saor chun comhartha a scriosadh, de réir cosulachta.

22 July 2009

An iomarca spraoi


Measaim go raibh an iomarca spraoi aici sa lúbra sin. Tá cuma traochta uirthi.

20 July 2009

Sceallóga!


Réitigh muid sceallóga sa bhaile den chéad uair. Fuair muid an oideas san iris Cook's Illustrated (uimhir Meán Fómhair 2009) agus tá sé éasca-péasca!

26 June 2009

Tiogar bricíneach


Tá bricíní ag an lile oráiste seo. (Fuair mé an abairt "póigíní gréine" freisin - nach bídeach í mar leagan cainte?)

25 June 2009

Fiúntas cultúrtha agus ealaíonta


Mar dhea! Ní maith liom a leithéid de dealbhóireachta. Tá sí maslach. Go háirithe nach bhfeicim riamh satairí.

24 June 2009

Faoin gCalder


Is lasaréin é, an dealbh seo le Alexander Calder. Seasann sé os cionn aonaigh agus agóidí sa gcearnóg seo.

23 June 2009

Crann criaga


Tá maisiúcháin mar seo le feiceáil ar an bhfoirgneamh Franklin, i Printers' Row i Chicago. Is as bríce criaga an crann.

22 June 2009

Teacht an teaspaigh


Bhí anaimsir againn an t-earrach seo, fionnuair fiú i Meitheamh. Ach faoi dheireadh, tagann an aimsir mhúchta a d'éirigh mé suas léi. Lá deas te a bhí ann inniu, agus amárach beidh sé uafásach te. Agus beimid go léir ag allasú mar an buidéal beorach seo.

20 June 2009

Conbhaiscne bhán


Níor thuig mé riamh cén fáth a dtugtar dogwood ar an gcrann seo. Tusa?

19 June 2009

Tuigeann sí


Chuir na daltaí le chéile cuilt cairdis le haghaidh ár múinteoir Ghaeilge, Mícheál McMechan. Beidh tráthnóna charthanachta Dé Domhnaigh i Chicago ar a son. Más maith leat cuidiú linn, breathnaigh ar an mblag seo: Beoir for Michael

18 June 2009

Cá bhfuil muid ag dul?


Uaireanta tá mé sásta le grianghraf fiú mura bhfuil sé soléir. Cad atá muid ag éalú ar aon scór, agus chomh tapaí sin?

27 May 2009

Uimhir a cúig


Chaith muid tráthnóna ag an ráschúrsa Arlington Park. Gheall mé ar dhá capall eile, ar ndóigh, uimhir a ceathar agus uimhir a seacht. Sá rás sin, thit dhá capall ar an bhfód fliuch, agus maraíodh uimhir a ceathar. Ba mhór an trua.

26 May 2009

Cailín na teanga goirme


Nach dathúil/dathannach í?
Tá an deoch amháin gan alcól ag an ráschúrsa Arlington Park gorm trom. Smálaítear a béal an dath aisteach sin!

25 May 2009

Roimh an paráid


Lá an Chuimhnimh i bPalatine. Tá na gardaí ag cleachtadh roimh dul ag márseáil sa pharáid.

30 April 2009

Mo chleas féin


Chabhraigh mo chara Jeffrey liom chun an dearcadh seo a chur le chéile. Is a lionsa féin a d'usáid mé; tá sé in ann rothlú ina ghléasadh. Scríobh sé an chaoi a rinneadh é, más maith leat féin tríail a bhaint as.

29 April 2009

Cleas na gealaí


Níl ach gealach amháin ag an domhan, ach bhí sí ann leis a "stunt double" an oíche sin.

Cineál mearú súl atá i gceist. Ba mhaith liom míniú teicniúil áfach.

28 April 2009

Cuimnheachán Iwo Jima


Rinneadh an cuimhneachán cáiliúil seo tar éis grianghraif. Tá cúpla scéal ceangailte leis an grianghraf sin (An aicsean nádúrtha ab ea, nó stáidiúir? Cé hé an séu fear? Nach bhfuil an iomarca láimhe ann?)