17 April 2012

"Táimse i mo chodladh is ná dúisigh mé"

D'aimsigh an fear siúd coimeádán cliste chun a thicéad a thaispeáint don seoltóir gan é a bheith dúisithe óna néal codlata.
Má thagann sé ó chrios H, tá turas 44 míle (70 km) aige gach maidin. Guím codladh breá suaimhneach air. Is maith an rud go roghnaigh sé an carráiste ciúin.

15 April 2012

Tá na smailtíní ar ais!

Is breá le lucht iascaireachta Chicago na smailtíní. Tagann siad i mí Aibreáin agus téitear amach san oíche nó an-luath ar maidin ar bhruach Loch Michigan chun iad a mharú. Tá siad an-bheag agus itear go hiomlán iad. 

Laghdaíonn a n-uimhreacha na laethanta seo, ach is traidisiún é fós dul amach á dtóir i Chicago agus ar cósta Indiana chomh maith.

13 April 2012

Brúitín a dhéanamh... go tréanlámhach

Bhí an dá rud ina luí ar an mbord le chéile. Tháinig mé ar an gconclúid is soiléire.

12 April 2012

Cathair i ndrithlín


a
An rud is fearr liom i Millennium Park i lár na cathrach Chicago ná an dealbh dar ainm "Cloud Gate". Tugtar "an pónaire" air ag chuile duine. Tá an barr fíorach le feiceáil go hiontach air, agus na daoine ar an bplás chomh maith.
Tá an chuma air go bhfuil mé i gceartlár an domhain!