11 December 2011

Leathbhróg Luaithríona

Luath ar maidin, ar sráid ghnóthach Chicago, d'aimsigh mé bróga sáil airde ar an asfalt. "Leathbhróg Luaithríona," a cheap mé. Bhí sí ag cóisir sa Túr Willis (sean-Túr Sears) sa Metropolitan Club b'fhéidir, agus nuair a bhuail meán oíche, bhí sí fós ag rith amach ón bhfoirgneamh ard. Nó ag bacach mar is dócha.

08 November 2011

Tarraing d'anáil isteach go domhain

Is iad na huirlisí córa le haghaidh babhta traenála ióga: 
  • mata ióga
  • bríste ióga
  • tuáille
  • buidéal uisce
  • análóir asma
Tá mé réidh leis an cársán, leis an chasacht, leis an mí-chompord anála. Nuair a deir an múinteoir linn "Tarraing d'anáil isteach go domhain," tosaím ag casacht agus bristear dianmhachnamh na n-iógaí eile. Mar sin, táim ag tnúth go mór leis an chéad sioc crua.

16 October 2011

21 July 2011

Comhábhair anraith lachan

B'fhéidir gur chuala tú-- tá an aimsir an-te an tseachtain seo.Bhí mé ar cuairt i mbaile beag, le linn bheag agus crann síorghlas beag agus lachain bheaga. Bhí an lá chomh te sin, agus an ghrian ag dó achan rud leis a solas neamhthrócaireach. D'aimsigh na lachain an scáth amháin a bhí ar fáil, agus d'fhan siad ansin go dtí luí na gréine. Ní raibh siad sásta iompú in anraith lachan!

04 July 2011

Deryk sa deatach


Fear óg féasógach agus féachaint fiánta air
Dathanna dorcha ag duaithniú a dhreach
Ag tabhairt aire de na tine chnámh

20 June 2011

Chomh hálainn le crann

"Ceapaim nach bhfeicfidh mé riamh dán
Atá chomh hálainn le aon crann.
(...)
Déantar dánta le mo leithéid d'amadáin
Ach ní dhéantar crann ach le Dia amháin."
- Joyce Kilmer

17 May 2011

Ag fanacht ag an stáisiún

Fiú sa tráthnóna bíonn daoine ag fanacht le traenacha. Cheap mé gur tháinig an cailín seo as aois eile leis a gúna, a cóta, agus a hata cloche.
Bhí sé ag cur gothaí air féin, is dócha, ag tógáil an gréine agus a chuid gruaige fada ag brataíl sa bhfeothan.

09 May 2011

Fáilte roimh an Cainteoir Doofus!

Ní amadán é ar chor ar bith, ach tá blag tosaithe ag an duine seo dar teideal "Cainteoir Doofus." Mura bhfuil sé soiléir, míníonn sé an teideal anseo. Déanaigí cuairt air!

Botún buí (nó cé hí Lina?)

Nuair a bhí muid i mBaile Átha Cliath, ní raibh neart agam air, bhí mé ag lorg focail ar bith as Gaeilge i ngach áit. Saghas turasóir teangeolaíoch ab ea mé. Féach: "Seachain an Bhearna" - súmhar! 

Nach trua é, nuair a dhéanann tú botún, go dtarlaíonn sé in áit thar a bheith poiblí, i litreacha móra buí?

29 April 2011

Fuarán Buckingham


I gcroílár Grant Park i Chicago, tá fuarán álainn ann. Thug Kate Buckingham é mar leacht i gcuimhneamh a dearthár Clarence. Is cóip é de ceann ag Pálas Versailles. Athchóiríodh é i 2000.
Published with Blogger-droid v1.6.8
Publish Post

18 April 2011

Baisteach bán

Nuair a chan Barbra Streisand faoi "róisín faoin sneachta Aibreáin," cheap mé go raibh an file sin dúr, mar ní fhaca mé a leithéid de rud riamh, fiú sna blianta is measa.
Ach anois: sneachta an 18ú Aibreáin! Tá an t-amhrán fós dúr d'ainneoin sin, mar bíonn an iomarca céille ag na rósanna teacht amach chomh luath sin. Ach an t-amadán sin de toir Forsythia...
Published with Blogger-droid v1.6.8

09 April 2011

Caithfidh tú an seomra leithris a fheiceáil

Bíonn spraoi agam gach uair a thagann mé go dtí an Runcible Spoon i mBloomington. Tá caife iontach ann, tá an bia go deas, agus níor chaill siad riamh spiorád na seachtóidí. Agus tá éisc sa folcadán ann.
Published with Blogger-droid v1.6.8

08 April 2011

Is maith liom tae!

Roimh ár dturas, rinne mé taighde faoi praghas bhosca mór Barry's Tea (an branda tae is fearr liom) in Éireann. Anseo, íocann mé um $8 le 80 mála tae. Fuair mé 160 mála le €6.29 (um $9.06) ag Tesco. Nach sásta atá mé! (Fiú mura bhfuil "Karen's Tea" le feiceáil ar an gcomhartha fógráin.)

31 March 2011

Na ceithre chúigí as gloine

Sa halla na cathrach Béal Feirste, thug mé faoi deara na fuinneoige seo thuas. Léiríonn siad na ceithre chúigí na hÉireann: (ón chlé) Cúige Chonnacht, Cúige Laighean, Cúige Mumhan, agus Cúige Uladh. Is maith liom na fuinneoga ghloine dhaite mar tá na dathanna chomh beoga sin. An aithníonn tú na siombail go léir sna n-armais?

28 March 2011

Bob an Tógálaí

Chuamar go Béal Feirste agus chaith muid tráthnóna iontach ag siúlóid grianghrafadóireachta curtha le chéile le @Davymac agus @icedcoffee. Bhí cuairt phríobháideach againn ag suíomh tógála ionaid léirithe an Titanic. Bhí scata maith daoine ann, agus bhí hataí crua agus veist sábháilteachta agus buataisí móra le caitheamh againn.
Fiú ag Bob an Tógálaí.

27 March 2011

Ó Cualann

Táimid ar ais sa bhaile tar éis laethanta saoire thar barr in Éireann. Bhí aimsir ar fheabhas againn an t-am ar fad, agus Déardaoin chuaigh muid amach faoin tuath. D'ith muid ár lón san Tóchar (Roundwood), an baile is airde in Éireann. Ar an mbealach, fuair mé an radharc is deise den sléibhe Ó Cualann (Sugarloaf).
 Bhí an bradán deataithe blasta, ach ní bheidh dúil agam air arís ar feadh tamaill!

18 March 2011

Cuan Bhaile Átha Cliath

Bhain muid Baile Átha Cliath amach Dé Céadaoin agus amach liom go Dumhach Trá (Sandymount). Iontas na n-iontas, tráthnóna geal lonrach a bhí ann. Rinneamar siúlóid fada ar an trá agus bhí sé rómánsach ar fad d'ainneoin an chlabair. Chonaic mé an méid sin uigeachtaí éagsúla ann! Chuir sé i gcuimhne dom póstaer an scannáin "Le Grand Bleu".

10 March 2011

Níl a lán ama le fanacht againn!


An bhfeiceann tú? Níl ach ceithre buailtí fágtha ag an ticéad traenach seo. Agus nuair a bheidh sé caite, beidh muid ar laethanta saoire!!

Is ag dul go hÉirinn atá muid, agus caithfidh muid Lá 'le Pádraig i mBaile Átha Cliath. Táim ag tnúth go mór leis an turas seo, go háirithe toisc go mbeidh deis agam bualadh leis na blagadóirí a bhím ag léamh le blianta anuas.

Foighne!
Published with Blogger-droid v1.6.7

26 February 2011

Ag lorg torthaí an toghcháin


Published with Blogger-droid v1.6.7
Chaith muid lá iontach i Milwaukee ag Lá na Gaeilge UWM. Bhí an t-ionad Hefter níos álainne ná riamh faoin sneachta, agus ranganna Gaeilge (trí leibhéal) ar siúl i rith an lae. Chonaic muid cairde nach bhfeiceann muid ach cúpla uair sa bhliain ann. Bhí léacht suimiúil faoin gcruicéad le Brian Ó Conchubhair, agus léacht faoina meáin chumarsáide Gaeilge le Shane Curran. Agus, dár ndóigh, gach uair a bhí sos againn, bhí muid ag breathnú ar an ríomhaire chun torthaí na toghchán in Éireann a léamh.

15 February 2011

Nósanna páirceála Siceagó

Níl iontas ag éinne go bhfuil geimhridh fada crua againn i Siceagó. Cinnte, tá áiteanna eile sa tír a bhfaigheann i bhfad níos mó sneachta ná muid, ach bíonn meas againn roimh an sneachta mar sin féin.
Mura bhfuil garáiste agat, ní mór duit do charr a pháirceáil sa sráid. Agus tar éis stoirme shneachta, tá ortsa sluaisteáil chun é a saoradh. 

Tar éis an méid sin allais agus fuacht agus péine dhroim, ní bheidh tú sásta ar chor ar bith má thagann tú abhaile agus tá an spás a nochtaigh tú á úsáid le carr dhuine eile! Cinnte nach leatsa an spás sin ar nós dlíthiúil, ach sna laethanta brúidiúla gheimhridh, caithfidh tú d'éileamh críche a chosaint.

Mar seo:

Údarásach.
 Áititheach.
Truamhéalach.
Débhríoch.
Neamhéifeachtach

14 February 2011

Ingne oighreata

Chonaic mé na coinlíní reo sonraíocha seo -- ait, casta, uaigneacha.
Bhí cuma orthu mar fiacla nó ingne iolair feargach ag bagairt.
Agus bhí an lá chomh fuar sin gur éirigh gach rud gorm. (Le froid m'a fait une peur bleue.)

02 February 2011

Beidh sluasaid de dhíth ar an groundhog inniu

 Tá síobadh sneachta againn inniu, rud mar dhá throigh nó 56cm ar doimhneacht. Roimh grianghraif a dhéanamh, bhí orm an doras a oscailt.
 Ag féachaint i dtreo na sráide.
 Beidh sé deacair tiomáint amach ón garáiste.
 Níor chreid mé go raibh 24 orlach chomh domhain sin gur shiúil mé tríd an sneachta ar an deic.
 Chuala mé iora glas ag déanamh geabaireacht ar an teach béal dorais.
 Phéinteáil an ghaoth cruthanna ar na bhfuinneoige.
Táimid seascair agus teolaí taobh istigh ár dteach beag ar an bhféarthalamh.

24 January 2011

Leath builín, leath cupán...

"Is fearr leath builín na bheith gan arán", a deir an seanfhocal. Moch ar maidin inniu agus mé cráite le tuirse agus slaghdán, stop mé ag an Starbucks sa stáisiún traenach. D'ordaigh mé "grande misto" (café au lait) agus d'fhan mé go foighneach.

Cé nach raibh ach beirt romham, níor thosaigh an barista mo dheoch agamsa fiú a ullmhú tar éis cúpla nóiméad. Mar sin, nuair a chonaic mé an traein ag droideadh isteach sa stásiún, dúirt mé leí an leath-chupán caifé gan aon bainne ann a thabhairt dom agus amach liom.

Ní bhíonn aon deifir ar lucht an Starbucks sin, cé go bhfuil siad suite taobh istigh de stáisiún traenach.

Ach caithfidh mé a admháil go bhfuil an leath-chupán caifé seo maith go leor.
Published with Blogger-droid v1.6.5

19 January 2011

Tiarna na prátaí

Is gourmand prátaí é m'fhear céile. Tá aoibh ghaire faoi leith aige nuair atá prátaí le n-ithe aige. Mar sin, tá mé breá sásta gur aimsigh mé chaoi mhaith chun roasties a ullmhú. Eisean chomh maith!
Published with Blogger-droid v1.6.5

17 January 2011

Prátaí abú!

D'fhoghlaim an chaoi prátaí róstáilte a dhéanamh. Is é an rún é ná bagún. Mar I gcónaí!

05 January 2011

Tháinig an lá ró luaith

Tuigim go maith an fear siúd. Uaireanta níl dúil ar bith agam m'aghaidh a chur ar an lá. Dá mbeadh mé in ann néal codlata a fháil sa traein mar eisean, bheadh mé breá sásta.
Published with Blogger-droid v1.6.5

02 January 2011

Ag fanacht le Lady Jane

Tá coincheap nua gruaigeora ann sa cheantar. Leis an fhírinne a rá, ní hé rud nua ar chor ar bith: gruaigeoir le haghaidh na fir. Agus níl ach mná óga álainne ag obair ansin (ní gruaigeoir fhear ar bith ann). Cathaoireacha leathair compórdaí, teilifís spóirt ag siúil. Cheiceáileann tú isteach tú féin le ríomhaire; tá do rogha agat idir na mná (bí ag cliceáil ar a pórtráid). Thug mé m'fhear céile anseo, ach fanann mé leis mar seaparón. ;^)
Published with Blogger-droid v1.6.5