24 October 2008

Mo rogha


Táim tar éis vótáil, sa chompord mo chistin agus mo fhallaing folctha.

Agus seo an chuid is suimiúla na ballóide. Feicfidh muid go luath...

Nóta beag: I Chicago, níl aon iontas go bhfuil a lán sloinní Éireannaí ar an mballóid (agus Pólannaí agus Spáinní ina measc). Más maith leat cruthúnas, breathnaigh ar an suiomh seo, atá liosta iomlán iarrthóirí breithiúna sa chontae, agus a meastacháin óna comhluadair barra áitiúla.

22 October 2008

Nach bhfuil ocras ort?


Réitigh mé prátaí le haghaidh an dinnéar. Cheap mé go mbeadh cuid beag "p*rna bia" in ord.

19 October 2008

Ceiliúradh anseo aréir


Maisíodh le páipéar leithris an teach seo aréir. Ní raibh mé ann, ach tá a fhios agam nach ndéantar a leithéid de maisiúchán i gcaitheamh an lae; níl an solas ceart don jab ach san oíche.

18 October 2008

Lean ort!


Fuair mé an planda seo a bhí chomh fiosrach sin faoi céard a bhí ar an taobh eile den fháil.

15 October 2008

Ceamara briste arís :^(


Bhuel, tharla arís é. Thit sé ar an urlar. Cheap mé go raibh sé ceart go leor, ach seachtain tar éis sin, theip cludach an lionsa ar oscailt go hiomlán. Ní dhúnann sé go ceart ach oiread. Mar sin, ar ais leo go dtí an ionad deisiúcháin. An bhfuil aon seans go mbeidh sé réidh roimh dul ar laethanta saoire an 27ú?
(Dála an scéíl: sin bus cairdín a thóg an coirnéal go dona. Stad an trácht le cúpla nóiméad agus é ag chúlú chun dara iarracht a dhéanamh.)

10 October 2008

Tá a fhios agam ca bhfuil mé ag dul...


Is doigh liom go bhfuil fios na treoracha agam faoi dheireadh! (An bhfuil aithne agat ar an amhrán sin?)

06 October 2008

Ta bratach ar do dhroim


Mala droma trídhathach ó Crocs. An-éadrom gan dabht.

04 October 2008

Toradh tarraingteach


Mearóga mealltacha...


bachlóga Bhruiséile bhloiscíneacha...


agus úlla ainríanta. Nach macnasach an margadh?