30 June 2010

Iasc an lae

Mharaigh muid piardóige (cráifisce) inné. Chuir muid bagún ar an duán agus mheall muid iad amach as a bpoill ar bhruach locha bheag inár gceantar. Bhí siad mór go leor, den chuid is mó, agus bhí feoil fiú ina gcrúba uaireanta. "Ithigí go háitiúil," a chloistear go minic. Bhuel, seo é!

28 June 2010

Milseóige Gréagacha

Ag an bhféile Ghréagach, déanann siad loukoumades, cineál taoschnó. Itear le mil agus cainéal iad. Gan an baklava a lua! Agus murab fhearr leat bheith ann i measc na ndaoine sa teas agus sa challán, tá lána charrseirbhíse curtha ar bun acu chomh maith!

23 June 2010

Seó na maidne

"An bhfuil tú réidh dul go scoile anois?" arsa an t-athar agus é ag baint súimín as a chupán caifé Starbucks.
"Nílim réidh! Nílim, nílim, nílim, nílim, nílim!" a d'fhreagair an buachaill.
"Níl tiú-tiú eile ag teacht i ndiaidh seo," arsa Daid.
"Nílim réidh!" arsa an gasúr, ag greadadh a chos, rud a chuir sáile a bhróga ag splancadh.

22 June 2010

Maidin mhaith!

Nó "Ball ó Dhia ar maidin ort," más fearr leat. Caifé amuigh ar an deic, na trátaí ag fás, agus ceol na héin níos airde ná torrán na tráchta fós.

09 June 2010

Trucail trátaí

Cé go tubaiste ar fad ab ea anuraidh lena trátaí, gheall mé dom féin iarracht eile a dhéanamh. D'fhás siad le fuinneamh, agus thainig an t-uafás torthaí, ach d'éirigh gach uile ceann lofa. Cén díomá! Tá súil agam go mbeidh an aimsir níos fearr i mbliana.

An bhfuil tart gorm ort?

Ag an aonach "Blaiseadh Des Plaines" tá do rogha agat idir lemonade (buí) agus sú talún (gorm). Cén dath atá ar do thart?