21 December 2009

Pé rud ba mhaith leat


Fuair mé bronntanas inniu. Tá mo chara i ndiaidh filleadh ó turas go Iosrael. Thug sé dreidl dom ó Iarúsailéim. Is saghas caisil é, agus imrítear cluiche leis i rith na féile Giúdacha Chanukah. Tá litir ar gach taobh de, agus déanann siad acrainm den phráis seo (as Eabhrais):
Nun, Gimel, Hei, Shin
Nes Gadol Haya Sham

"Tharla míorúilt mhór ansin."

Tá rud faoi leith leis an dreidl seo agam, áfach. In áit Shin, tá Pei ann ar an ceathrú taobh. Mar sin, tá an acrainm : Nes Gadol Haya Po = "Tharla míorúilt mhór anseo!"