30 April 2008

Jab nár mhaith liomsa


Ní fheicfidh tú liomsa ar sreang chaol ag ní fuinneoga ar an bhfichiú úrlár!

29 April 2008

Ag féachaint ró-dhian


Nuair a chas an aimsir fuar go tobann, tharrthaigh mé roinnt bláthanna ónár ngairdín. Tá siad cuíosach caite anois, ach leon an tiúlip dhearg í féin agus í ag déanamh iarracht a peitil a oscailt is leithne.

Níor chuala sí an amhrán "From the Heart," gan dabht. (GRMA, a Tommy O'Sullivan)

28 April 2008

Ina dúiseacht


Tá na raithneacha úra ag oscailt amach inár ngairdín. (Ióga arís, an am seo sa ríocht na plandaí.)

27 April 2008

Banitsa!


Rinne Mama Julia banitsa agus morán speisialtachtaí eile Bulgáirise le Cáisc.

22 April 2008

19 April 2008

Thar an uimhir draíochta


Tháinig an lá faoi dheireadh. Chaith me níos mó ná 50 dollar chun an carr a lionadh.

18 April 2008

Rang ióga ag an zú


Thug mé cuairt dona lasairéin ag an Zú Náisiúnta i Washington DC. Agus fuair mé rang ióga ag siúl!

15 April 2008

Laochra an ghairdín


Tháinig cúigear ón chomhlacht tirdhreacha inniú agus ghlan siad an gairdín ar fad. Bhí mé beagnach ag caoineadh le áthas; tá an chuma ar an áit anois mar a tugtar aire dó! Líon siad a lán bairillí le duilleoga agus buaircíní péine.

14 April 2008

Briseadh sábhála


Ar na clocha idir na rianta traenacha chonaic mé glas rothair a ghearrtar. An ghoid duine an rothair, nó an ndearna an t-únéir dearmad den comhcheangal?

08 April 2008

D'eitilt an seachtain thart

Thosaigh muid rud úr ag an obair an seachtain seo caite: blag! "Ohó," a dúirt siad "is tusa an t-eagarthóir, toisc go bhfuil blag agat fós. Ach ná bí á scríobh as Gaeilge, hó, hó, hó!" Sin rud amháin blag a scríobh nuair nach bhfuil ach tusa féin ann. Ach seo an rialtas, agus déantar gach rud trí choistí. Mar sin, blag ghrúpa atá ann. Caithim a lán am ag spreagadh, ag cuardach, ag impú na húdair. Ach cruthaigh sé, agus is tionscadal suimiúil é. Agus ní mairfidh sé ach sé sheachtain, buíochas le Día.

Mar sin, seo na grianghraif a bhí mé ag brath iad a phóstáil an seachtain seo caite. An éigníocht atá ann? Ní dóigh liom, seachas pictiúir is maith liom.


Rinne mé meireangaí agus ghaistigh mé éan beag bán.


Tá do ghairdín ag fanacht leat...


Bhí iontas orm teacht ar ndaoine ag imirt crúite capaill. Spórt seanfhaiseanta é.


An ghaoth aduaidh bíonn sí crua,
Is cuireann sí gruai ar dhaoine;

An ghaoth aneas bíonn sí tais,
Is cuireann sí rath ar na shaolta;

An ghaoth anoir bíonn sí tirim,
Is cuireann sí sioc istoiche;

An ghaoth aniar bíonn sí fial,
Is cuireann sí ias i líonta.



Réitionn siad an foinse faoin dealbhóireacht Picasso ar Daley Plaza.


Bhí pictiúr piollaí uaim chun an blag, mar sin rinne mé sa bhaile é.