28 March 2008

Lashon ha-ra


Sa traein ar maidin. Níl ach lá tipiciúil ann. Tá an bhean romham ag caint gan stad leis a comrádaí. Bean bhreá dheachóirithe í, ach éiríonn a aghaidh díchumtha agus í ag cúlchaint ar dhuine óna oifig (bean eile, ar ndóigh).
Is peaca trom é, an lashon ha-ra (sin an téarma Giúdach de). Gortaitear trí dhuine: an ceann a insíonn an scéal, an ceann a chloiseann é, agus an ceann a labhraítear faoi.

26 March 2008

Teach beag ar na bhféarthailte


Tógadh an teach seo um 1870 le saoiste den úllord a bhí ann ag an am sin. Tá roinnt títhe mar seo sa chomharsanacht. Méadaíodh an cuid is mó daoibh, ach maireann an chumraíocht bhunúsacha ag an ceann seo.

24 March 2008

Ceann amháin eile


Tugtar "dul chun cinn" é, seanthíthe a scriosadh chun clóis pairceála a thógáil.

23 March 2008

Cluiche an Cháisc


Níl a fhios agam cén saghas amadántachta é seo, ach ba spraoi mór ag na páistí leis na huibheacha.

22 March 2008

Comhartha an earraigh: an saileach


Tá an saileach (pussy-willow) ceann de na chéad plandaí teacht amach san earrach. Ba é an chéad lá earraigh Déardaoin seo caite. Thit 18 centiméadar sneachta an chéad lá eile. :^p

21 March 2008

Biora fiacla fathaigh


Ualach adhmaid le fírinne, ach bheadh sé gan samhlaíocht ar bith mar teideal.

20 March 2008

Turnamh na heaglaise


Ní maith liom a leithéid a fheiceáil. Tá a fhios agam go bhfuil eaglais nua ag an phobal Spáinneach den Misión Juan Diego, ach tá rud éigin mícheart nuair a díláithrítear eaglais chun clós pairceála a dhéanamh.

19 March 2008

Máirseáil an Mhárta


Nuair a d'fhág mé an oifig, bhí agóid á dhéanamh taobh soir Oifige an Phoist.

Ní fheicim a leithéid gach lá.

Níl ach téama amháin a bhí ar taispeáint.

18 March 2008

Ar barr an domhain


Tá foirgneamh comhthiarnais ollmhór i lár an mbaile le bliain go leith. Faraor, laghdaigh an geilleagar, agus leis féin an margadh seilbhe. Mar sin, béidh scór arasáin curtha ar ceant anocht. Seo radharc ó ceann dena arasáin ar an urlár is áirde, ag breathnú ar an mbaile. Bhí iontas orm den cuma nocht agus beag agus cothrom atá aige. Ní mothaíonn sé mar sin nuair atáim thíos sna sráideanna.

17 March 2008

Sprioc


Ní cuimhin liom an grianghraf seo a thógáil, ach is maith liom é ar aon chaoi.

16 March 2008

Feicim go bhfuil tú réidh don fhéile


Nár chuala tú riamh comhrá idir uibheacha na Cásca?

Cén áit a d'fhág mé an carr?


Feicim an carr seo le seachtain, gach lá, ón traein. Rinne mé a lán pictiúirí doléir, mar go mbéadh fochupáin eitilte i gceist. Chinn mé dul go dtí an áit agus íomhá cheart a dhéanamh roimh leá an sneachta.

14 March 2008

Faiseanta faoi dhó


Ní thuigim cén fáth go bhfuil dhá mhála beagnach ionann aici i dhá dháth éagsúla. An "bean málaí" sofaisticiúla í? Nó an bhfuil sí mallaithe? ;^)

13 March 2008

Foirfeacht


Is breá liom an crann seo. Tá cuma chomh ghrástúil aige.

11 March 2008

Sláinte, you guys!


Tá an séasúr oscailte. An séasúr Lae 'le Phádraig i Chicago. I measc an mhéid kitsch a bhíonn ann, tá an cúpla focal le feiceáil freisin.

10 March 2008

Braighdeanas rothair


An rothar bocht! Chuir duine iallach air fanacht taobh amach an fhobhealaigh.

09 March 2008

Turas na Crème Caramel


Ramequin a tugtar ar an mias seo.

Anraith torthaí

An caramal!

Milseog blasta réidh le ithe.

08 March 2008

Braon beag beorach, le do thoil?


Soiléir go bhfuil Louis réidh chun an blaiseadh beorach.

Lorg na damhsoirí


Cé leis na cófraí inslithe seo? Ceist simplí; cé eile ach cailíní damhsoirí óga! (Leid mór: tá na cófraí bándéarga agus is ionann iad.)

06 March 2008

Damháin alla faoi dhó


Tá sé fós cuíosach fuar; nior mhaith liomsa a bheith ina mball, ar rópa, ard san aer, os cionn an tsráid, le buicéad uisce salach.

05 March 2008

Is cuma sa tsioc


Barra trasna bhóthar iarainn clúdaithe le sioc ar maidin.

03 March 2008

Cosc ar thobac?

Tháinig cosc ar thobac i bhfeidhm leis an mbliain úr in Illinois. Tá cúpla tigh tábhairne ar na gaobhair. Is Durty Nellie's an ceann is mó, le caoga sórt beorach, bialann, agus ardán mór. Tá ceol ann gach oíche. Tá puball acú le haghaidh na daoine a caitheann tobac. Níl aon imní orm ar a son.
An ceann is lú, is teach beag bán é, gan comhartha ar bith; 'An tOifig' a tugtar air. Ní teach tábhairne Éireannach é, ach is beár áitiúil an an sean-nós é. Tá Budweiser, Old Style, Bass agus Guinness an na bairillí ar fáil, faighneoga piseanna talún ar an urlár, bord púil, agus Sally ina bean an tí. Agus an jukebox is fearr sa dhomhan.

Is léir nár chaill siad custaméirí leis an chosc ar thobac; chuaigh siad amach an doras, mar is gná. Tá na toitíní ann ar an talamh, mar an maidin tar éis plá na feithidí as an mBíobla.

Tá Colonel Sanders ar nós cuma liom faoi féin.

02 March 2008

Cén aois thú?


Níl aon dabht ann, tá sé daichead bliain d'aois. I ndáiríre, is é an séiú cóisir bhreithlae le duine a shroich an chloch mhíle seo i mbliana.

01 March 2008

Táim ag breathnú ar seó na duaiseanna blagadóireachta éireannaigh


Is mór an trua é nach bhfuilim in ann a bheith ann i mBAC, ach buíoch le Conn Ó Muíneacháin, táim ábalta an seó a fheiceáil ar an idirlíon (i mo phóca? thart timpeall orm?)