12 May 2013

Gléasta le galáin - nó - barraíocht babhdán

Thug mé faoi deara í ag ól caife taobh amuigh idir na tiúilipí lá álainn earrach. Tatú ar chaol na láimhe aici agus damháin alla ar a riteoga nár réitigh lena feisteas. Chuirfinn timpeall na caogaidí uirthi. Is annamh a bhfeictear babhdáin bhréagacha sa cheantar airgeadais. Ní hé sin le rá nach mbíonn aon rud cearr idir na hairgeadaithe...