24 March 2012

D'athraigh Pat Mustard ina Shriner


De réir cosúlachta, tá Pat Mustard beo agus slán agus ina chónaí sna bruachbhailte Chicago. Thug mé faoi deara é i mórshiúil Lá 'le Pádraig.

Ní dhéanfaidh sé cleasaí contúirteacha leis an gcarr beag gleoite seo!

17 March 2012

Paddy cake, Paddy cake...

Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir! Bígí cúramach amuigh ansin - lá na n-amaitéarach atá ann inniu!

01 March 2012

An maith leat Krampouezh?

Gheall mé pancóige Bhriotánaí a ullmhú le haghaidh coisir an Domhnach seo chugainn. Tá dhá shaghas pancóga: má tá siad déanta as plúr cruithneachta, tugtar crêpes orthu. Má úsáideann tú plúr lus na gcearc (buckwheat, blé noir) tá tú ag déanamh galettes (Krampouezhenn gwinizh du). Déanaimse galettes an t-am seo.
Mar is fada ó rinne mé iad, bhí cleachtadh uaim leis an trealamh iomlán:
  • bilig = crepière = grideall
  • gnon = ceirt rollte chun an grideall a bhealú
  • rozell = rateau =  saghas ráca adhmaid chun an fuidreamh a leathnú
  • spanell = spatule = spadal adhmaid chun na pancóige a iompú
 
Agus seo an toradh blasta!