31 August 2007

An gabhálaí sa lustan


Bhí suim ar ár n-aoianna san cluiche baseball. Mar sin, thugamar go siopa spóirt iad agus cheannaigh siad liathróid, slacán agus miotóga. Seo Mike ag thaispeáint do Chorentin an chaoi ceart an liathróid a ghabháil.

30 August 2007

Ag an iarsmalann Milwaukee


Chas mé leis an duine seo san iarsmalann Milwaukee. Nach mómhar é?

29 August 2007

Conas a d'íoc muid an béile

Tar éis an dinnéir, rinne achan duine pictiúir ar an éadach boird.

Sceitse le Corentin

Sceitse le Mike

Sceitse le Alain agus liomsa. Agus shín muid ár gcuid ealaíne (ar nóta Visa, ar ndóigh).

28 August 2007

Ar foluain


Tá roth mór ar Navy Pier i Chicago. Den ard sin, tá an baile leagtha amach mar cluiche páistí. Anseo, radharc éin de síob luascán.

27 August 2007

Buachaillí beaux


Tá ár mbaile ceangailte le baile in iarthar na Fraince. Seo grúpa déagóirí atá ag tabhairt cuairt orainn an seachtain seo. Bhí ceoltóirí old-time ann ag an phicnic. Thugtaí amach bandanas agus hataí as tuí, agus chaith siad an oíche ag rince agus ag pocléimneach thart.

25 August 2007

A haon, a dó, a trí


Puimpcíní deasa a chonaic mé ag an margadh d'fheirmeoirí.

24 August 2007

Ubh bruite?


Cheap mé nach mbéadh rud ar bith eile a tharlódh leis an nead spideoige. Ach d'imirt iora eigin cleas nuair a chuir sé gallchnó sa nead. Mar ubh crua-bruite atá sé.

20 August 2007

Ceol binn ar an bhfidil


Tar éis na féile, chuamar go dtí an óstán Park East. (Níl an ainm ceart leis a thuilleadh, ach is cuma linn; deir achan duine "Park East" go fóill.) Fuair mé Ed Howe agus Owen Marshall ag seinm ceol binn i gcoirnéal ciuin. Ní ceol éireannach atá ann, ach is an-dheas é.

18 August 2007

La bog i Milwaukee

An faisean is deireanai hata ag an fheile mhor eireannach Milwaukee. La bog ann, ach craic iontach freisin.

14 August 2007

Tosnaionn an seachtain go maith

An chéad oíche scoile samhraidh féile Milwaukee agus taimid ag damhsa ar na boird cheana! (Sin Briain Uí Chuinneaghain an damhseoir.)

11 August 2007

10 August 2007

Gadaí clúmhacha in airde


Tá a lán iora glas inár gcomharsanacht.

Agus tá gallchnónna móra uaine (mar liathróidí leadóige) ar na gcrann i láthair.

Cuir an dhá chinn le chéile agus tá na gadaí clúmhacha an-ghnóthach.

09 August 2007

Na lámha is salaí dom


Chuir Mike cadhnra nua ina charr. Ní raibh an obráid ró dheacair, ach salach go leor.

Mar sin, bhí lón deas bradáin tuillte go mór aige. (Sea, sin ár bpesto ann!)

08 August 2007

An rud atá de dhíth ar an domhan anois...


An samhradh seo i Chicago, tá taispeántas ealaíne le feiceáil ar sráideanna an bhaile. Cool Globes a tugtar air, agus sin iarracht eolas a chur ar na daoine faoi téamh domhanda. Tá mórán comhchruinní snáthghloine maisithe de réir an téama sin.

Seo sonra chinn díobh. (Is maith liom na béir bána.)

07 August 2007

Na saoithrithe


Mar Tom Sawyer, thugamar cuireadh donár gcuid cairde teacht chun cóisir pesto, ach is iadsan a rinne an chuid is mó den oibre tuirsiúil. Spealann siad na duilleoga lus mic rí óna ngas. Ach le fírinne, ní hionann ár setup agus an té Tom Sawyer, toisc go sheolann muid iad go léir abháile le próca lán le pesto ar dheireadh an oíche.

Cóisir pesto anocht!


Gach bliain, um Lúnasa, tugaimid cóisir "pesto". Ceannaím an dúrud lusa mic rí (bhasail) agus tabhraimid cuireadh do cairde agus comharsana pesto a dhéanamh linn. Ghlan mé an stoc ag margadh na feirmeoirí maidin inniu. Tá boladh láidir i mo chubhachail ag an oifig; tá na comhoibrí ag titeamh ar a nglúine timpeall mo dheasc...

06 August 2007

Carcair chúng


Cuireann sé i gcuimhne dom téacs amhráin as Fraincis "Le mur de la prison d'en face" (Balla an phríosúin os comhair). Tá an foirgneamh triantanach ina ionad choinneáil maidir leis na cúirteanna chónaidhme i Chicago. Deartha é gan a bheith éasca éalú amach trí na bhfuinneóga; mar sin, níl siad scaipthe go ríalta ar na mballaí.

03 August 2007

Sonas i cupán


Admhaighim é: is yuppie mé. Is chomh breá liom an patrún déanta sa chúr ar barr na lattes ag an caife Intelligentsia i Chicago. Idir blath agus raithneach é.

01 August 2007

Ealaín throm


An bhfuil smaoineamh agaibhse cén fáth go bhfuil an fear seo ag spaisteoireacht le meáchain i lámh amháin agus péintéireacht i lámh eile? Ar aon chór, ní bhéadh mise ag cur bac leis!