30 July 2007

Seachan an píolóta seo!


Ní raibh deireadh seachtaine ciúin ag "Gotham" i Chicago.

Sin na grianghraif "tar éis" - chonaic mé an leagan "roimh" Dé hAoine seo caite.

29 July 2007

Laochra ghiotáir


Bhí siad ann ag an fhéile ghiotáir ina mílte. Na buachaillí is óige...

... na déagóirí...

... agus na daoine fásta!

28 July 2007

Ag an gceolchoirm Crossroads

Sin Sonny Landreth, an chéad de na laochra ghiotáir a bheith ag seinm inniu. Is ceolchoirm an-mhár í ar fad!

27 July 2007

Tá Batman ar ais


Ar dtús, chonaic mé an cuntar bia breá ansin ar an coscán.

Ansin, ar an sráid, chonaic mé héileacaptar dóite. Ach ní raibh aon scaoll ann.
"Aha!" a dúirt mé liom féin, "scannánaíocht 'The Dark Knight' atá i gceist anseo!" Agus anois, ní fheadar nach raibh an inneal dóiteáin dóite ach déantán eile den scannáin seo.

25 July 2007

Hare Krishna


Bhain an radharc seo gáire asam, toisc nach bhfaca mé na Hare Krishna le fiche bhliain ar a laghad. Forbraíonn siad; tá callaire ag an dara diúlach. Ach an stíl gruaige céanna; níl sé as faisean riamh, is dócha.

24 July 2007

Chicago ar luí gréine


Tá an foirgneamh Sears le fheiceáil i lár an ghrianghraif. Ar chlé i gcoirnéal, droichead traeneach as feidhm; tá sé ardaithe i gcónaí.

23 July 2007

Garáiste nua donár gcomharsan


Cloisimid pléascadh agus buaileadh ar feadh cúpla lá. An tráthnóna seo, chonaic mé foinse an challáin. Tógann ár gcomharsan garáiste nua. Sin a mhac ansiúd ar an díon.

22 July 2007

Cóisír sráide


Bhí cóisir in ár tsráid. Tá a lán páistí na laethanta seo (tá cúpla ag trí theaghlaigh ina measc). D'imirt siad le balúin uisce agus crann tabhaill.

Agus thóstáil siad leamhacháin... (nach dreach dhianmhachnaimh uirthí?)

... le ithe le seacláid agus craiceara graham (s'mores tugtar ar an ceapaire milis sin).

21 July 2007

Oideachas na n-uan


Sa rang Gaeilge, bhí uan beag bán ann, go baileach mar san amhrán páistí.

Ach níl duine ar bith dar ainm Máire sa rang; uan bocht!

20 July 2007

Biatais baolacha?


Ceann eile ón chartlann. Chonaiceamar an comhartha seo agus muid ag dul trí bhaile bheag san Fhrainc. "Seachain na biatais" a déir sé. Níl barúil agam cad atá i gceist anseo, ach bfhéidir...

19 July 2007

Basal breá bríomhar


Ní garraíodóir ceart mé, ach ceannaigh mé cúpla plandaí bhasail gach bhliain. Is breá linn a bholadh agus a bhlas. Déanann muid méid mhór pesto ar dheireadh an tsamhraidh.

18 July 2007

Míolta móra


Is amhlaidh, níl íomhá an lae inniu atá ann. (Tá slaghdán orm, mar sin fanaim sa mbaile agus ní chonaic mé rud ar bith simiúil le thaispeáint inniu.) Ach féach-- bhíomar chomh cóngarach don míol mór. Sin cúpla seachtain ó shin i rith ár dturas i Québec.

Is féidir an spéir le fheiceáil ar dhroim an mhíol mhór! (Ní cleas Photoshop atá i gceist.)

15 July 2007

Ualach féir


Ualach féir nó tuí a chonaic mé i Wisconsin. Cuireann sé i gcuimhne dom arbhair Shredded Wheat.

14 July 2007

Maith an cailín!


Fuair sí liathróid leadóige ón loch. Ní miste leí a bheith fliuch amach is amach.

12 July 2007

Inneall dóiteáin dóite


"Ait," a dúirt mé liom féin. "Trucáil tarraingthe ag tarraingt inneall dóiteáin."

Ansin chonaic mé nach raibh sé greannmhar ar chor ar bith. Bhí an inneall dóite go dona.

"Bímid ann nuair atá muid de dhíth oraibh." Tá súil agam go raibh duine éigin ann dóibh.

11 July 2007

Stáisiún clasaiceach


Dearc thuas ó am go ham i Chicago agus feicfidh tú na stáisiúin "El" mar an ceann seo ar,uh... os cionn na sráide Quincy. Is maith liom na colúin. Níl siad éasca le fheiceáil, ach tá siad ann ar aon nós.

10 July 2007

Lá báistiúil (2)


Cuireann an radharc seo i gcuimhne dom ar Rue de Paris par temps de pluie ó Gustave Caillebotte. Sin an rud is deise is féidir liom a rá faoin duartan a tharla uair eile inniú ar an nóiméad ceannann céanna a d'fhág mé an oifig!

09 July 2007

Lá báistiúil (1)


Thosaigh sé ag stealladh báistí go beacht ar dheireadh an lae. Shiúil mé an míle idir an oifig agus an stáisiún--ní raibh tacsaí ar bith ar fáil, ar ndóigh. Bhí mé i mo líbín báite nuair a shroich mé an traein. (Psst - ar an ngrianghraf seo, an bhfeiceann tú dhá scáth fearthainne ionann?)

06 July 2007

Císte tromluithe


Seo an císte is urghránna a bhfaca mé le blianta. An sruth liath reoáin, fir grinne, réinfhianna faoi crainn pailme, agus capall bán neamhdhóchúil ann ina measc.

Tá ceann de na fir grinne ag bá san abhainn siúcra; is cuma liom mar ní maith liom na fir grinne. Ní greannmhar iad seachas scanrúil.

05 July 2007

Foirgneamh ina scáthán spéire


Déarfá go tógtar an foirgneamh seo le haghaidh scáthán na haimsire. Tá na néalta iontach glé ann.

04 July 2007

02 July 2007

Nach deas í?


Nuair a bhfeicim seancharr mar an ceann seo leis a chuid seodra chróim, bogann an saol go dubh agus bán.