07 December 2007

Ceithre choinneal


Seo an cheithre oíche Chanukah anocht. Lasann muid cúig choinneal: tugtar shamash (seamáis as Gaeilge, b'fhéidir?) ar an gcéad coinneal. Is é an searbhónta a usáidtear chun na coinnle eile a lasadh. Más maith leat bheith cliste, is féidir leat a rá nach menorah ach ainm ginearálta agus gur chanukiyah an téarma is ceart don coinnleoir craobhach le naoi craobh faoi choinne Chanukah.

1 comment:

Anonymous said...

Tá mé i ndiaidh labhairt le m'iníon (ar a bhfón), ise ina cónaí in Evanston, in arasán lena grá. Is Gíudach eisean, agus gan chreideamh atá m'iníon.

Mar sin, lasann siad coinnle 'chuile oíche, ach tá crann Nollag acu freisin. Agus ar an gcrann sin . . .

ornáid Nollag a bhfuil cuma dreidl uirthi.