22 June 2010

Maidin mhaith!

Nó "Ball ó Dhia ar maidin ort," más fearr leat. Caifé amuigh ar an deic, na trátaí ag fás, agus ceol na héin níos airde ná torrán na tráchta fós.

2 comments:

Séamas Poncán said...

Go deas.
Haigh, beidh mé in Chicago (sa stáisiún, ar a laghad) faoi dhó ar feadh cúpla uair an chloig amháin. Táim chun turas Amtrak a dhéanamh mí Iúil. Cad é an bialann is fearr (agus atá saor) in Union Station? Ní raibh mé in Chicago riamh roimhe seo (ach bhí mo bhean uair amháin).

stwidgie said...

Hi a Shéamais,

Nach deas go dtiocfaidh tú go Chicago (fiú le cúpla uair a chloig).

Níl a lán cleachtaidh agam lena bialanna sa stáisiúin sin, ach tá cúpla smaointe agam duit.

Lou Mitchell's cuibheasach cáiliúil, agus ní dóigh liom go bhfuil an bhialann seo daor. Block go leith ón taobh thiar den stáisiúin.

Má théann tú soir agus trasna an droichid, feicfidh tú NYC Bagel Deli. Mura bhfuil sé barántúil (bheadh a fhios agatsa níos fearr ná mise, gan dabht!), ach tá mise an-sásta dul ann ó am go ham.

Má tá tú ann, ná chaill an Túr Sears (tugtar Willis ar anois, ach ní úsáideann éinne an t-ainm sin) atá ar an gcoirnéal Wacker agus Jackson, block amháín thoir de Union Station.

Bain sult as an turas!