24 July 2010

Naói nua-aimseartha

Chonaic mé é lá roimh tús an stoirm baistí atá ag titim go trom anois. Bhí sé ag ceannach soláthar ag CVS, is dóigh liom. Ach níl sé chomh fial leis a shinséar; níl mórán spáis aige le cineálacha éagsúla a thabhairt ar bord leis. Nach fíor go bhfuil muid ag cailliúint bithéagsúlachta na laethanta seo?

7 Agus a dubhairt an Tighearna, Sgriosfuidh me an duine do chruthaidh me ó aghaidh na talmhan; ar áon an duine agus an beitheach agus an ni shnámbus agus éunlaith an aiéir; óir as aithreach liom a ndéunamh. 8 Ach fuair Naói grása a bhfiaghnuise an Tighearna. 

3 comments:

Fearn said...

Sílim nach bhfuil Dia chomh cruaidh agus a bhí sé nuair a bhí Naoi óg.( bogann gach tuismitheoir le aois )

;-)

stwidgie said...

Ar taobh amháin, aontaím leat, a Fhearn.

Uaireanta áfach, ceapaim nach mbeidh Dia ag botheráil le rudaí mar sin, mar déanann muid an-job saol an phlainéid a scriosadh muid féin. :^/

Fearn said...

M'anam ach gur fíor dhuit