15 October 2010

Brioscaí blasta


Uaireanta ceapaim nach bhfuil bia dúchasach Meiriceánach ann. Ach is é sampla maith iad na brioscaí seo. Déantar le im piseanna talún iad (agus cuid mhaith im agus siúcra). Cuirtear cros orthu le foirc go coitianta, agus itear le gloine bainne tar éis lá scoile iad.
Published with Blogger-droid v1.6.0

4 comments:

Anonymous said...

Is mór agat do chuid bídh, cinnte!


Fearn

stwidgie said...

@Fhearn - Ní dhéanaim a thuilleadh iad ach go hannamh, mar tá siad chomh ramhar sin. Tá siad chun easpórtála amháin!

Dennis King said...

Sin é an saghas bia a thugann mo chuid cairde dom le linn “shéasúr an itheacháin”* go háirithe. Is deacair gan iad a ithe "in ómós an chócaire”. Ach is deacair an séasúr sin a chríochnú gan titim chun meáchain!

* ó Lá an Altaithe go Lá Caille

Fearn said...

An bhfuil "stair" ag na brioscaí seo?

Tuigim go dtugann sibh "cookies" ar bhrioscaí ó koekjes Ollainnis Nua Eabhrach nó Nua Amstardam mar a bhí.

Aon scéal faoin earra seo?