Is iad na huirlisí córa le haghaidh babhta traenála ióga:
mata ióga
bríste ióga
tuáille
buidéal uisce
análóir asma
Tá mé réidh leis an cársán, leis an chasacht, leis an mí-chompord anála. Nuair a deir an múinteoir linn "Tarraing d'anáil isteach go domhain," tosaím ag casacht agus bristear dianmhachnamh na n-iógaí eile. Mar sin, táim ag tnúth go mór leis an chéad sioc crua.
2 comments:
Dia linn!
Nach bhfuil Iogart de dhíth le haghaidh Ioga? Nó Ioglú? :-)
Post a Comment