15 February 2011

Nósanna páirceála Siceagó

Níl iontas ag éinne go bhfuil geimhridh fada crua againn i Siceagó. Cinnte, tá áiteanna eile sa tír a bhfaigheann i bhfad níos mó sneachta ná muid, ach bíonn meas againn roimh an sneachta mar sin féin.
Mura bhfuil garáiste agat, ní mór duit do charr a pháirceáil sa sráid. Agus tar éis stoirme shneachta, tá ortsa sluaisteáil chun é a saoradh. 

Tar éis an méid sin allais agus fuacht agus péine dhroim, ní bheidh tú sásta ar chor ar bith má thagann tú abhaile agus tá an spás a nochtaigh tú á úsáid le carr dhuine eile! Cinnte nach leatsa an spás sin ar nós dlíthiúil, ach sna laethanta brúidiúla gheimhridh, caithfidh tú d'éileamh críche a chosaint.

Mar seo:

Údarásach.
 Áititheach.
Truamhéalach.
Débhríoch.
Neamhéifeachtach

2 comments:

Fearn said...

Cad mar gheall ar fhear sneachta a dhéanamh agus a fhágáil i bhfeidhl leaba an chairr? agus clár ina bhaclainn, abair, a dheir "Codlaíonn mo charr anseo" nó "Coinnigh amach nó titfidh mo ghalota ar do cheann"?

Séamas Poncán said...

Is cuimhin liom agus mé i mo chónaí in Queens nuair a rinneamar amhlaidh. Tá spás go leor sa driveway againn anois, buíochas le Dia.
A Fhirn, bheadh ort an fear sneachta a bhogadh nó a scriosadh gach uair a thiocfá abhaile! Das stimmt nicht.