26 February 2011

Ag lorg torthaí an toghcháin


Published with Blogger-droid v1.6.7
Chaith muid lá iontach i Milwaukee ag Lá na Gaeilge UWM. Bhí an t-ionad Hefter níos álainne ná riamh faoin sneachta, agus ranganna Gaeilge (trí leibhéal) ar siúl i rith an lae. Chonaic muid cairde nach bhfeiceann muid ach cúpla uair sa bhliain ann. Bhí léacht suimiúil faoin gcruicéad le Brian Ó Conchubhair, agus léacht faoina meáin chumarsáide Gaeilge le Shane Curran. Agus, dár ndóigh, gach uair a bhí sos againn, bhí muid ag breathnú ar an ríomhaire chun torthaí na toghchán in Éireann a léamh.

1 comment:

Kelly D said...

Maith sibh! Is trua liom nach raibh mé libhse i measc na ndaoine uaisle iúd.