21 July 2011

Comhábhair anraith lachan

B'fhéidir gur chuala tú-- tá an aimsir an-te an tseachtain seo.Bhí mé ar cuairt i mbaile beag, le linn bheag agus crann síorghlas beag agus lachain bheaga. Bhí an lá chomh te sin, agus an ghrian ag dó achan rud leis a solas neamhthrócaireach. D'aimsigh na lachain an scáth amháin a bhí ar fáil, agus d'fhan siad ansin go dtí luí na gréine. Ní raibh siad sásta iompú in anraith lachan!

2 comments:

Mise Áine said...

An ceart acu, muise!

Fearn said...

Agus nuair a rug siad a n-uibheacha, an raibh siad bogbheirithe?