01 March 2012

An maith leat Krampouezh?

Gheall mé pancóige Bhriotánaí a ullmhú le haghaidh coisir an Domhnach seo chugainn. Tá dhá shaghas pancóga: má tá siad déanta as plúr cruithneachta, tugtar crêpes orthu. Má úsáideann tú plúr lus na gcearc (buckwheat, blé noir) tá tú ag déanamh galettes (Krampouezhenn gwinizh du). Déanaimse galettes an t-am seo.
Mar is fada ó rinne mé iad, bhí cleachtadh uaim leis an trealamh iomlán:
  • bilig = crepière = grideall
  • gnon = ceirt rollte chun an grideall a bhealú
  • rozell = rateau =  saghas ráca adhmaid chun an fuidreamh a leathnú
  • spanell = spatule = spadal adhmaid chun na pancóige a iompú
 
Agus seo an toradh blasta!

No comments: