07 September 2007

Tá tú go h-álainn


Os comhair Macy's i lár Chicago, tá foirgneamh ollmhór á thógáil ar mBlock 37. Cuirtear balla sealadach ann, agus tá sé maisithe le comharthaí as teanga éagsúla. Sheas mé ann ar an gcoscán, ag breathneamh ar an comhartha is mó a bhfaca mé riamh as Gaeilge, agus mé ag smaoineadh: "An mise an duine amháin abalta é a léamh ar an tsráid seo inniu?"

4 comments:

Anonymous said...

Is dóigh liom go mbeidh daoine eile ábalta é a léamh ach gan é a thuiscint! Tá sé go h-iontach ar fad go bhfuil an litriú ceart air.

Míshásta said...

Is tá an ceart ar fad acu. Tá tú go h-álainn.

Anonymous said...

Tá sé ar dóigh go bhfuil sé ann ach níl an litriú go hiomlán gan locht.

'Go hálainn' an leagan ceart, gan an fleiscín.

Séamas Poncán said...

Cinnte. An rud is annamh is iontach!