11 December 2011

Leathbhróg Luaithríona

Luath ar maidin, ar sráid ghnóthach Chicago, d'aimsigh mé bróga sáil airde ar an asfalt. "Leathbhróg Luaithríona," a cheap mé. Bhí sí ag cóisir sa Túr Willis (sean-Túr Sears) sa Metropolitan Club b'fhéidir, agus nuair a bhuail meán oíche, bhí sí fós ag rith amach ón bhfoirgneamh ard. Nó ag bacach mar is dócha.

2 comments:

aonghus said...

Bróg "car to bar" é sin cinnte. Ní bheifeá ag dul ar siúlóid fhada leis!

Cionaodh said...

B'fhearr leis na fir ghrinn bheith ar chosa croise ná bróga mar seo.