29 April 2007
Inár bhfeighlí páistí
Hí hí, na buachaillí! Seo Jack agus Mike. Bhí Uncail Mike agus Aintín Karen ag tabhairt aire don grabaire. Is breá leis corn bread a ithe agus na soilse a lasadh agus múchtadh arís is arís.
28 April 2007
Scrabble as Gaeilge
Ag ár rang Dé Satharn, d'imrímis cluichí, ina measc cineál Scrabble as Gaeilge. Is díograiseoir Scrabble mé le blianta fada; mar sin bhí iontas orm go mhothaigh an eagrán turgnamhach seo beagnach ionann leis an cluiche fíor. Tá a lán ceisteanna le réitiú, mar shampla cé mhéad H a chur ann, nó cé mhéad pointe ag gach litir. GRMA, a Noah, as an cluiche!
27 April 2007
Sushi
Seo mo lón inniú. Ní dhearna mise an bia; is ó bialann seapánais é.
Agus mionphointe neamhpolaitiúil. Fuair mé cúpla tacaí le haghaidh chopsticks. Cuma cruthach atá uirthí. Níl mar an boc seo...
26 April 2007
Lá bog i Chicago
Lá bog a bhí ann inné. I mo chuimhne, tá an earrach mar sin go buan. Nuair a bhí mé ag an ollscoil, déiríodh mo hathair dom teacht abhaile chun laethanta saoire an earraigh a chaitheamh leo. "Chuirfeá áthas ar do mhathair," a déiríodh sé. Ach bhíodh iadsan ag obair an seachtain sin, agus mar sin ní bhíodh carr le úsáid agam. Bhíodh an aimsir uafásach. Chaínn seachtain fada marbhánta sa teach. Sin an fáth nach maith liom an t-earrach ach go háirithe.
24 April 2007
Canú nua ag Bob
Seo lámha ár chomharsa, Bob, leis na pleannanna a chanú. Dheilbhigh sé é féin é, le cuidiú a mhac. Is as céadar é, agus iontach éadrom.
23 April 2007
Tiúilip ar nós O'Keeffe
Chonaic mé a lán tiúlipí ar an Aibhinne Michigan. Chuir an radharc seo i gcuimhne dom na n-íomhánna bláthanna Georgia O'Keeffe. An dtug tú faoi deara riamh go bhfuil boladh gallchnónna ag na tiúilipí?
22 April 2007
Tulacha Cahokia
Ar an bhealach ar ais ó St. Louis, thugamar cuairt ionad chiallaithe Cahokia Mounds State Historic Site in Illinois. Ní raibh smaoineadh ar bith agam go raibh iarsmaí seandálaíochta chomh tábhachtacha ag an áit sin. Fuair mé an dealbh seo an-shuimiúil; is í cineál bandía talaimh í. Ní aoibh atá uirthí ar chor ar bith!
21 April 2007
Tionól St. Louis
Is é Ged Foley ar an fhidil (níl ach bogha amháin aige, le fírinne, cé nach bhfuil Wayne cinnte faoi). Ba tionól deas i St. Louis Dé Sathairn: ceardlanna, cumadóirí uirlisí, ceolchoirm fada, agus go leor seisiúin.
20 April 2007
maisiúchán fhoirgnimh
Tá a lán seanfoirgneamh i Chicago le maisiúchán as iarainn nó criaga. Chonaic mé an chuid seo ar imeall fhoirgnimh sa sráid Van Buren. Tá cuma dréimire leathbhriste air, nó dréimire Ceilteach bfhéidir.
19 April 2007
18 April 2007
Lóchrann
Seo mionphointe cláir tine sa teach Patten i bPalatine, baile atáim i mo chónaí. Is aon na títhe is sinne agus is álainne sa mbaile agus tá sé le dhíol. Suite ar dhá acra, tá sé an-tharraingteach do forbairtheóirí; chuirfeá roinnt mhaith condos ann. :^p
Déantar reifreann inné ar a son.
16 April 2007
Rámhaíocht ar an Abhainn Chicago
Is comhartha cinnte an earraigh nuair a tagann na foirne rámhaíthe ar an Abhainn Chicago.
Is maith liom go bhfuil aon grúpa ag tarraingt siar ag an nóiméad céanna go bhfuil an foireann eile cromtha go géar.
Imíonn siad agus a ráimhe ag fágáil fáinne in a ndiaidh.
14 April 2007
13 Aibreán 2007
Ag Intelligentsia Coffee déantar na lattés is áille sa domhan. Tá siad blasta freisin, agus tá siopa caifé deas beag acu in ngar leis an oifig. Nuair a ólaim latté maith, mothaíonn mé fuinneamh ag rith tríd mo choirp. Is druga é an caifé, gan dabht!
12 April 2007
12 Aibreán 2007
Nach ndúirt mé go bhfuil cineál bándearg na bláthanna sin?
Lá bándearg ar fad a bhí ann inniú. Bhuail mé leis an cháilín seo ag an stáisiún ar máidín.
11 April 2007
11 Aibreán 2007
Níl sé chomh fuar, ach tá an sneachta is áille ag titeamh ar gach rud - bláthanna, duilleóga óga. Ní chuimhin liom stoirm sneachta chomh mall riamh.
10 April 2007
10 Aibreán 2007
Bláthanna gorma - tugtar "hydrangea" orthu as Béarla. Cuimhnigh siad dom an Bhriotáin. Fásann na bláthanna sin in aice leis an fharraige. Tá siad gorm nó bándearg ag brath ar aigéadacht na hithreach.
08 April 2007
Na lámha is ansa liom
Thit mo fhear chéile ina chodladh tráthnóna inné. Ba bhreá liom an radharc a lámh suaimhneach. Íomhá fheiliúnach Chásca, a dúirt mé.
06 April 2007
6 Aibreán 2007
Thit an teocht go tobann i Chicago an seachtain seo. Chlúdadh na plandaí roimh an bhialann Elephant & Castle le nuachtáin agus "duct tape" i gcoinne an fuacht.
Subscribe to:
Posts (Atom)