Showing posts with label traein. Show all posts
Showing posts with label traein. Show all posts

17 April 2012

"Táimse i mo chodladh is ná dúisigh mé"

D'aimsigh an fear siúd coimeádán cliste chun a thicéad a thaispeáint don seoltóir gan é a bheith dúisithe óna néal codlata.
Má thagann sé ó chrios H, tá turas 44 míle (70 km) aige gach maidin. Guím codladh breá suaimhneach air. Is maith an rud go roghnaigh sé an carráiste ciúin.

17 May 2011

Ag fanacht ag an stáisiún

Fiú sa tráthnóna bíonn daoine ag fanacht le traenacha. Cheap mé gur tháinig an cailín seo as aois eile leis a gúna, a cóta, agus a hata cloche.
Bhí sé ag cur gothaí air féin, is dócha, ag tógáil an gréine agus a chuid gruaige fada ag brataíl sa bhfeothan.

09 May 2011

Botún buí (nó cé hí Lina?)

Nuair a bhí muid i mBaile Átha Cliath, ní raibh neart agam air, bhí mé ag lorg focail ar bith as Gaeilge i ngach áit. Saghas turasóir teangeolaíoch ab ea mé. Féach: "Seachain an Bhearna" - súmhar! 

Nach trua é, nuair a dhéanann tú botún, go dtarlaíonn sé in áit thar a bheith poiblí, i litreacha móra buí?

10 March 2011

Níl a lán ama le fanacht againn!


An bhfeiceann tú? Níl ach ceithre buailtí fágtha ag an ticéad traenach seo. Agus nuair a bheidh sé caite, beidh muid ar laethanta saoire!!

Is ag dul go hÉirinn atá muid, agus caithfidh muid Lá 'le Pádraig i mBaile Átha Cliath. Táim ag tnúth go mór leis an turas seo, go háirithe toisc go mbeidh deis agam bualadh leis na blagadóirí a bhím ag léamh le blianta anuas.

Foighne!
Published with Blogger-droid v1.6.7

23 June 2010

Seó na maidne

"An bhfuil tú réidh dul go scoile anois?" arsa an t-athar agus é ag baint súimín as a chupán caifé Starbucks.
"Nílim réidh! Nílim, nílim, nílim, nílim, nílim!" a d'fhreagair an buachaill.
"Níl tiú-tiú eile ag teacht i ndiaidh seo," arsa Daid.
"Nílim réidh!" arsa an gasúr, ag greadadh a chos, rud a chuir sáile a bhróga ag splancadh.

03 February 2010

Maidin cung

Is annamh atá mé sa traein moch ar maidin. Tá sé plódaithe ar fad agus mise i mo shuí idir bhfear móra, airde, leithne ag caitheamh parkas agus ag léamh nuachtáin. Ar a laghad tá an turas tapaí.

14 January 2009

Gormacha geimhridh


Níor smaoinigh mé riamh scáth fearthainne a úsaid i gcoinne an sneachta. Bím níos cóngarach don duine eile atá cromtha le fuacht.

13 January 2009

Lá éigin tiocfaidh sé


Caitear a lán ama ag fanacht le traenacha malla an tseachtain seo. Leis an fuacht uafásach atá againn faoi láthair (-18F / -25C ar maidin) bíonn fadhbanna ag na traenacha, go háirithe leis na rianta agus na haistrithe.

19 September 2008

Ógbhean Órga


Chonaic mé sa traein í an maidin seo. In anneoin a aois, tá sí galanta ar fad. Is fíor "Golden Girl" í.

08 September 2008

Ar bord libh!


Ní fheictear ach cosa na daoine ag fanacht dul ar bord an traenach.

26 August 2008

Ealaínne nó loitiméireacht?


Uaireanta feicim graffiti chomh greanta, chomh maisithe...

... nach féidir liom socrú má rud deas nó rud olc é...

...mar go bhfuil mórmheas agam ar an gceardúlacht in ainneoin mé féin.

03 July 2008

Bríste snasta, a bhoc!


Chonaic mé ag an stáisiún é.

I ndáiríre, bheadh sé deacair é a scaoileadh thart!

16 May 2008

Criú traenach na maidine


Tá gach ball dena foirinn ag seiceáil cuid eile den trealaimh. Béimid ceart go leor, gan dabht.

28 March 2008

Lashon ha-ra


Sa traein ar maidin. Níl ach lá tipiciúil ann. Tá an bhean romham ag caint gan stad leis a comrádaí. Bean bhreá dheachóirithe í, ach éiríonn a aghaidh díchumtha agus í ag cúlchaint ar dhuine óna oifig (bean eile, ar ndóigh).
Is peaca trom é, an lashon ha-ra (sin an téarma Giúdach de). Gortaitear trí dhuine: an ceann a insíonn an scéal, an ceann a chloiseann é, agus an ceann a labhraítear faoi.

05 March 2008

Is cuma sa tsioc


Barra trasna bhóthar iarainn clúdaithe le sioc ar maidin.

08 January 2008

Tagann an traein... de réir dealraimh


Cúpla bhliain ó shin, chuirtear comharthaí nua ag an crosaire comhréidh. Seachas cloig fíora, tá taifeadadh cloig ann. Nach cliste é sin? A fhad agus an aimsir tirim, maith go leor. Áfach, nuair atá an aimsir fliuch, is cosúil go bhfuil na comharthaí tinn. Cuireann siad meamhlach mhasmasach in áit ceol callánach. Éist leis tú féin; cad a cheapann tú?

07 November 2007

Chonacthas ón traein


Ar an traein an maidín inniu, chonaic mé grúpa mhic léinn. Cé go bhfuil siad ag codladh san íomhá seo, cúpla nóiméid níos déanaí, bhí siad ag abair amhrán. Ba amhrán chuimhne é, faoi choinne ghramadaí na Gréigise.

Agus ag an stáisiún leathdheireanach, chonaic mé an fear seo. Cé go raibh an maidin fuar, bhí sé ag fanacht go foighneach leis a dhialann agus a chupan chaifé.

10 September 2007

Níos callánach nár a cheap sé


Tá siad ag fanacht leis an traein.
Druideann an traein leo.
Ró ard, ró mhór, agus ró chóngarach!

18 June 2007

Ósais ard


Coimhéadann clog an stáisiúin traenach ar na daoine agus é ag rá: Tá sibh ró mhall! Ní ghabhfaidh sibh riamh an traein 17:16! Ach nuair a bhrostaím chuig an traein, feicim ar an ardán sin, suaimhneach, suairc, scáthach.

04 June 2007

Frithchaite faoina raillí


Is í creatlach an "El" atá le fheiceáil sa lochán uisce seo.