26 February 2011

Ag lorg torthaí an toghcháin


Published with Blogger-droid v1.6.7
Chaith muid lá iontach i Milwaukee ag Lá na Gaeilge UWM. Bhí an t-ionad Hefter níos álainne ná riamh faoin sneachta, agus ranganna Gaeilge (trí leibhéal) ar siúl i rith an lae. Chonaic muid cairde nach bhfeiceann muid ach cúpla uair sa bhliain ann. Bhí léacht suimiúil faoin gcruicéad le Brian Ó Conchubhair, agus léacht faoina meáin chumarsáide Gaeilge le Shane Curran. Agus, dár ndóigh, gach uair a bhí sos againn, bhí muid ag breathnú ar an ríomhaire chun torthaí na toghchán in Éireann a léamh.

15 February 2011

Nósanna páirceála Siceagó

Níl iontas ag éinne go bhfuil geimhridh fada crua againn i Siceagó. Cinnte, tá áiteanna eile sa tír a bhfaigheann i bhfad níos mó sneachta ná muid, ach bíonn meas againn roimh an sneachta mar sin féin.
Mura bhfuil garáiste agat, ní mór duit do charr a pháirceáil sa sráid. Agus tar éis stoirme shneachta, tá ortsa sluaisteáil chun é a saoradh. 

Tar éis an méid sin allais agus fuacht agus péine dhroim, ní bheidh tú sásta ar chor ar bith má thagann tú abhaile agus tá an spás a nochtaigh tú á úsáid le carr dhuine eile! Cinnte nach leatsa an spás sin ar nós dlíthiúil, ach sna laethanta brúidiúla gheimhridh, caithfidh tú d'éileamh críche a chosaint.

Mar seo:

Údarásach.
 Áititheach.
Truamhéalach.
Débhríoch.
Neamhéifeachtach

14 February 2011

Ingne oighreata

Chonaic mé na coinlíní reo sonraíocha seo -- ait, casta, uaigneacha.
Bhí cuma orthu mar fiacla nó ingne iolair feargach ag bagairt.
Agus bhí an lá chomh fuar sin gur éirigh gach rud gorm. (Le froid m'a fait une peur bleue.)

02 February 2011

Beidh sluasaid de dhíth ar an groundhog inniu

 Tá síobadh sneachta againn inniu, rud mar dhá throigh nó 56cm ar doimhneacht. Roimh grianghraif a dhéanamh, bhí orm an doras a oscailt.
 Ag féachaint i dtreo na sráide.
 Beidh sé deacair tiomáint amach ón garáiste.
 Níor chreid mé go raibh 24 orlach chomh domhain sin gur shiúil mé tríd an sneachta ar an deic.
 Chuala mé iora glas ag déanamh geabaireacht ar an teach béal dorais.
 Phéinteáil an ghaoth cruthanna ar na bhfuinneoige.
Táimid seascair agus teolaí taobh istigh ár dteach beag ar an bhféarthalamh.