skip to main |
skip to sidebar
Caitear i dtraipisí an saotharlann grianghraf anseo. Níl ach roinnt blianta ó shin a d'fhoghlaim mé uaireadóir mar seo a úsáid.
Ní reoitear Abhainn Chicago ach nuair a éiríonn an aimsir an-fhuair. Ó am go ham, tagann sceilpa oighir isteach ó bhéal an locha. Chonaic mé gach saghas bruscair orthu: buidéil, hata, todóg ramhar...
Maisíodh le páipéar leithris an teach seo aréir. Ní raibh mé ann, ach tá a fhios agam nach ndéantar a leithéid de maisiúchán i gcaitheamh an lae; níl an solas ceart don jab ach san oíche.
Fuair mé bailiú boscanna toitíní folamha ar an talamh sa gharáiste poiblí. Samhlaim diúlach ag féachaint gach comhartha go gcaitheann sé tobac a scriosadh as an gcarr, chun an fírinne a coinneamh i bhfolach óna thuismitheoirí, nó óna bhean chéile.
Tháinig cosc ar thobac i bhfeidhm leis an mbliain úr in Illinois. Tá cúpla tigh tábhairne ar na gaobhair. Is Durty Nellie's an ceann is mó, le caoga sórt beorach, bialann, agus ardán mór. Tá ceol ann gach oíche. Tá puball acú le haghaidh na daoine a caitheann tobac. Níl aon imní orm ar a son.An ceann is lú, is teach beag bán é, gan comhartha ar bith; 'An tOifig' a tugtar air. Ní teach tábhairne Éireannach é, ach is beár áitiúil an an sean-nós é. Tá Budweiser, Old Style, Bass agus Guinness an na bairillí ar fáil, faighneoga piseanna talún ar an urlár, bord púil, agus Sally ina bean an tí. Agus an jukebox is fearr sa dhomhan.
Is léir nár chaill siad custaméirí leis an chosc ar thobac; chuaigh siad amach an doras, mar is gná. Tá na toitíní ann ar an talamh, mar an maidin tar éis plá na feithidí as an mBíobla.
Tá Colonel Sanders ar nós cuma liom faoi féin.
a) Ní bheidh siad ábalta an cludach a dhúnadh ar an Dumpster.
b) Tá na francaigh in easnamh.
c) Níl sé cóir an bosca athchúrsála a chaitheamh amach san bosca bruscair.
Cúpla uair sa bhliain, tá bailiúchán bhruscair teaghlaigh contúirteach sa cheantar. Bailítear ceimiceáin grianghrafadóireachta, lotnaidicídí, tuirpintín srl. Is oibriú gasta agus rianúil.
Tiománaigh tú trí clóis páirceála mhóir; treoraítear tú i línte go dtí grúpa daoine in éadaí bána. Oscail an boot/trunk agus tógann siad gach rud amach go tapa. Is amach leat, glan agus slán.