Showing posts with label aisteach. Show all posts
Showing posts with label aisteach. Show all posts

12 May 2013

Gléasta le galáin - nó - barraíocht babhdán

Thug mé faoi deara í ag ól caife taobh amuigh idir na tiúilipí lá álainn earrach. Tatú ar chaol na láimhe aici agus damháin alla ar a riteoga nár réitigh lena feisteas. Chuirfinn timpeall na caogaidí uirthi. Is annamh a bhfeictear babhdáin bhréagacha sa cheantar airgeadais. Ní hé sin le rá nach mbíonn aon rud cearr idir na hairgeadaithe...

05 February 2013

Dradairín


Luaigh Úna-Minh Caomhánach an focal deas seo idir eile ina alt ar World Irish le déanaí. Saghas práta atá i gceist leis an téarma seo. Chuir an dradairín seo i gcuimhne dom rud(aí) éigin... ;^)

18 April 2011

Baisteach bán

Nuair a chan Barbra Streisand faoi "róisín faoin sneachta Aibreáin," cheap mé go raibh an file sin dúr, mar ní fhaca mé a leithéid de rud riamh, fiú sna blianta is measa.
Ach anois: sneachta an 18ú Aibreáin! Tá an t-amhrán fós dúr d'ainneoin sin, mar bíonn an iomarca céille ag na rósanna teacht amach chomh luath sin. Ach an t-amadán sin de toir Forsythia...
Published with Blogger-droid v1.6.8

09 April 2011

Caithfidh tú an seomra leithris a fheiceáil

Bíonn spraoi agam gach uair a thagann mé go dtí an Runcible Spoon i mBloomington. Tá caife iontach ann, tá an bia go deas, agus níor chaill siad riamh spiorád na seachtóidí. Agus tá éisc sa folcadán ann.
Published with Blogger-droid v1.6.8