26 July 2013

Leabhair nua Cuid 3: Don dream óg

Ní páiste mé a thuilleadh, ach is maith liom scéalta do phaistí a léamh má tá siad samhlaíoch.
Eachtraí iontacha Earcail
 Aistriúchán ón mBéarla, le pictiúir íontach greannmhara.
Faery Nights / Oícheanta Sí
Tá na scéalta an-deas. Is leabhar dáthéangach é.
I gCéin is i gCóngar - Gearrscéalta nuascríofa
"D'amharc Brídín thart ar an oifig. Bhí cuma an-néata ar an áit. Smaoinigh sí go raibh an chuma uirthi nach ndéantaí mórán oibre inti."
Iontais na hÉireann
Mar shampla: tá corp Naomh Vailintín curtha i séipéal i mBaile Átha Cliath.

21 July 2013

Leabhair nua Cuid 2: Blas an Tuaiscirt

Chaith muid an chuid is mó den turas i gCúige Ulaidh. Cheap mé gur cheart dom cur leis ár stór leabhar ón agus faoin gcanúint seo. Táim an-sásta go bhfuil taifid ar fáil de roinnt téacsanna; cleachtadh maith a bheidh ann.
Cora cainte as Tír Chonaill
Amhráin Chúige Uladh
Scríbhneoirí Thír Chonaill
An Dochtúir agus scéalta eile (leagan Uladh)
Taisce Focal: Scéalta beaga do dhaoine móra
Cith is Dealán le Séamus Ó Grianna
Scéalta Johnny Shéamaisín

18 July 2013

Tonn teasa

Nuair a thagann tonn teasa go hÉireann --
Laetha fada 's oícheanta teo --
Bíonn daoine ag pléascadh le háthas:
"Go raibh aimsir mar seo ann go deo!"
Ach tar éis cúpla lá dá lethéidse
Is ar éigean a bhfuil siad beo:
Tá siad cráite is leáite is dóite
Mar ní thaitníonn an ghrian sin leo.

"Tabhair ar ais dúinn fearthainn is báisteach.
Beimid sásta le scamaill is ceo.

Mar cad é a bhfuil againn géarán faoi
Le haimsir ar nós Mheicsiceo?"

Leabhair nua Cuid 1: an stuif crua!

Táimid díreach tar éis teacht abhaile ó thuras iontach in Éirinn. Cheannaíomar carn deas leabhar ansin, fiche cúig acu san iomlán.
Cruinnscríobh na Gaeilge (4ú eagrán)

Gramadach gan Stró! (dara eagrán)

NuaScríobh na Gaeilge

Collins Easy Learning Irish Verbs

Bun-Chúrsa Cheapadóireacht Gaedhilge

Bun-Chúrsa Cheapadóireacht Gaedhilge, 1922

12 May 2013

Gléasta le galáin - nó - barraíocht babhdán

Thug mé faoi deara í ag ól caife taobh amuigh idir na tiúilipí lá álainn earrach. Tatú ar chaol na láimhe aici agus damháin alla ar a riteoga nár réitigh lena feisteas. Chuirfinn timpeall na caogaidí uirthi. Is annamh a bhfeictear babhdáin bhréagacha sa cheantar airgeadais. Ní hé sin le rá nach mbíonn aon rud cearr idir na hairgeadaithe...

15 February 2013

Ó thrálaí go tábla

Nuair a thugann tú faoi deara nach bhfuil dhá ghloine fíona mar a chéile fágtha agaibh sa teach a thuilleadh, téitear go IKEA chun gloiní breá nua a cheannach.

Mar sin, nuair atá tú ag feistiú an tábla chun dinnéir dheas rómánsúil le beirt, beidh gach rud in ord. 

14 February 2013

Grá agus gréisc

Níl aon rud chomh rómánsach leis an Caisleán Bán. Nach gcuirfeadh sleamhnaitheoir nó dosaen fonn ortsa?

13 February 2013

Grianmhar agus glinn

Maidin grianmhar a bhí againn faoi dheireadh. Rianta solais ag glioscarnach tríd an aer. Breithlá sona duit, a Uachtaráin Lincoln!


Taitníonn an íomhá níos fearr liom fiú le éífeacht postaeir uirthi.

Cad é seo?

  1. Sneachtúil
  2. Spórtúil.
  3. Sreangach.

Seo é:

07 February 2013

Na suíocháin is fuaire sa teach

Titeann an sneachta go gasta is go tiubh anocht. Is fearr liom fanacht taobh istigh ag éisteacht le ceol binn.

Fidléir Tony De Marco agus damhseoir sean-nós Siobhán Butler as Nua Eabhrac a bhí linn.

06 February 2013

Geoiméadracht gheimhridh

Sneachta ar an díon
Ní thitfidh sé níos mó;

Leánn sé leis an ghrian,
Agus imíonn sé go deo.

05 February 2013

Dradairín


Luaigh Úna-Minh Caomhánach an focal deas seo idir eile ina alt ar World Irish le déanaí. Saghas práta atá i gceist leis an téarma seo. Chuir an dradairín seo i gcuimhne dom rud(aí) éigin... ;^)