Showing posts with label Corcaigh. Show all posts
Showing posts with label Corcaigh. Show all posts

04 January 2009

Tá bronntanas agam daoibh!


Sin é!

Chríochnaigh mé faoi dheireadh é! Rinne mé féilire lán-Ghaeilge le grianghraif ónár dturas go hÉireann i bhfómhair 2008. Tá radhairc áille Chorcaí agus Chonamara le feiceáil ann.



Gabh mo leithscéal, tá an fillteán cuibheasach mór (27MB), ach déanfaidh sé leagan priontáilte an-deas.

Íomhá na Míosa : Féilire Gaeilge 2009 ón mblag Íomhá an Lae (PDF) (27MB, 28pp)

Seo an leagan beag (lo-rez) (PDF, 28pp, 3.7MB)


Bheadh mé buíoch as bhur dtuairimí agus bhur dtráchtanna.

Buíochas le Juliana Halvorson a rinne an teimpléad a d'usáid mé.






29 November 2008

Príosúnach!


Chonaic mé an spéirbhean seo nuair a bhí muid ag siúl i gCathair Chorcaigh. Níl sí ábalta éalú ón gcláirseach; tá sí dolta, an créatúr!