Showing posts with label grianghrafaí. Show all posts
Showing posts with label grianghrafaí. Show all posts

03 August 2008

Breacadh bándearg


Taim in Indiana an maidin seo. Ta iontas orm na chomh gasta a athraionn an solas ar dtus an lae. (Nota beag: tiocfaidh na sinte fada nios moille - ni he mo riomhaire fein e!)

28 July 2008

Leigheas leachtach?


Cheap mé b'fhéidir gur biotáille a bhí i gceist ag an siopa fhiona i Printers' Row. Ach dúirt siad gur sean-phoitigéar atá ann, mar sin chóinnigh siad an cuid den comhartha ar son árachais. Is mian liom an bréag ná an scéal fíor.

26 July 2008

Ascaillí Atlais


"Is fuath liom an jab seo. Níl aon dhínit ann a bheith ag iompar sceimhle. Dá mbíodh fiu díbholaíoch agam..."

25 July 2008

Na mílte tíleanna

Lá mo bhreithlá, chuaigh mé ag siopadóireacht le tíleanna le haghaidh ár tseomra folctha.

Béidh na ballaí bán, is dócha. Agus is dóigh liom go gcuirfimid imeall le dath eile.

Tíleanna gorma as gloine...

...tíleanna ildathacha le cuilithíní

Seomrá nua-aimseartha. Deas, ach tá ár dteach sean.

Sconna samhlaíoch ar nós "Le grand bleu" -- agus praghas áibhéalach!

18 July 2008

Níl aon foththeideal de dhíth


Tá an teanga choirp ard go leor!

An cineál "call girls" iad?

17 July 2008

Chomh te atá sé anois


Sleabhcann an bratach Méiriceánach san aer tais, faoin ghrian gan trua. An meafar polaitiúil é seo?

16 July 2008

An raibh tú á mo chuardach?


Coinín i fairsinge seamar. Tá i bhfad níos mó coiníní sa cheantar an samhradh seo. B'fhéidir nach bhfuil go leor madra nó cat an bhlian seo ach oiread.

07 July 2008

Réalta ruibín


Déanann an priosma seo scáileanna álainne i solas na gréine. Agus cuireann an réalta dearg i gcuimhne dom na bratacha cummanacha éagsúla ó Oirthear na hEorpa.

06 July 2008

Roinnt íomhánna ó Monhegan Island

Faoi dheireadh, táim ag breathnú ar na grianghrafanna ónar laethanta saoire i Maine.

Feirdhris (nó conrós?) scartha ar an talamh mar cairpéad. De ghnáth, feicim an bláth seo ar chrann.

Rúsc chrainn péine. Is maith liom a mhothú.

Agus i ríocht na n-ainmhíthe, seo Port agus Starboard, dá mhadra a chas muid leo roimh an scoile, agus iad ag crith go truacánta.

Seo an scoil. Níl ach cúig daltaí an i mbliana.

05 July 2008

Tíogair!


Bláthanna arís, a chairde. Tá na lile thíogair comhartha cinnte meánshamhradh dar liom.

04 July 2008

Ina mílte píosaí


Caitheamh aimsire socair é sin. Teastaíonn foighne é.

03 July 2008

Bríste snasta, a bhoc!


Chonaic mé ag an stáisiún é.

I ndáiríre, bheadh sé deacair é a scaoileadh thart!

30 June 2008

Ag fanacht leis an lá saoire


Is é an lá saoire náisiúnta é Dé hAoine seo chugainn. Bíonn mórshiúl trí lár an bhaile; tá an bealach in aice lenár dteach. Go coitianta, cuireann na daoine fiontracha blancéid, fiú cathoireacha, cois an bhealach moch ar maidin, chun a spás féin a chur in áirithe. Nílimid ach Dé Lúain.

29 June 2008

Is é mo BFF nua é Wall-e


Ní théimid go minic chuig an phictiúrlann, ach ní chaillmid riamh na scannaín le Pixar. Tá an ceann is déanaí, "Wall-E", go h-iontach. Níor chreidfinn go mbéadh an méid sin cion agam le róbó.

20 June 2008

Thíos cois na trá


Bhí mé anseo seachtain ó shin, cois farraige i Rhode Island. Bhí an aer lán le boladh milis na rósanna seo.

19 June 2008

Bláthanna blasta!


Tá aonach na Téalainne ag siúil ar Daley Plaza i Chicago. Deilbhíonn an bhean seo bláthanna as torthaí agus glasraí.

Tá siad iontach álainn.

Déantar na rósanna seo as mealbhacán uisce. Déarfá a lán daoine gur seo an rud is fearr le déanamh le glasraí, in ionad iad a ithe!

18 June 2008

Cad é a mhisiún?


Déanann sé a bhealach trí sluaite an maidne ar na sráideanna Chicago, leis a ualach éadrom.

17 June 2008


Agus mise ag spaisteoireacht ar an raon, bhuail mé le banna ceoil ag druileáil. Is dócha go mbeidh siad sa pharáid an ceithre lá mí Íuil.

An dóigh is deimhne na nótaí ísle a baint amach.