10 April 2010

Ar mhaith leat súimíní fíona?

http://focal.ie/Search.aspx?term=flight+of+wineTá mé bródúil faoi rud beag. Roinnt mhí ó shin, bhí mé ag lorg "flight of wine" ar focal.ie . Toisc nach raibh sé ar fáil, rinne mé iarracht dona stiúrthóirí cuidiú liom leis an téarma. Fuair mé freagra go luath agus bhí comhrá beag ríomhphost eadrainn. 


Bhuel, thug muid faoi deara, cúpla lá ó shin, go bhfuil an téarma ann anois! Súimíní fíona a thugtar air.

Cuireann sé i gcuimhne dom an sean-fhógra seo le Shake 'n' Bake. 

08 April 2010

Téigh i do luí

Nuair a bhain muid an t-aigéan amach, bhí muid in am an dul faoi na gréine a fheiceáil. Ba fhiú an turas é.

02 April 2010

Aire in airde!

Chuaigh muid go teach tábhairne nua sa cheantair. Ní raibh iontas orainn "Céad Míle Fáilte" a fheiceáil os cionn an phríomhdhorais. Ach ní raibh muid ag súil le Ardaitheoir agus "suas" agus "síos" air! (Chuir sé i gcuimhne dom Des Bishop agus é ag caint faoi thuas, thíos, suas, síos, agus an teaghlach meabhlach iomlán sin.)