18 November 2010

Bhí lón blasta againn

 Cé a dúirt nach bhfuil bia blasta ag na Sasanaí? Cainneann in anlann cáise...
... rósta muiceola, cabáiste agus bagún, cairéid agus prátaí rósta. Rinne ár gcairde béile iontach dúinn. (Leis an fhirinne a rá, ní aimsím difríocht mhór idir é seo agus béile a gheobhainn in Éirinn.) Blasta ar aon nós!

11 November 2010

Na céad torthaí ón ceamara nua

Goideadh mo cheamara póca coicís ó shin. D'ordaigh mé ceann nua, an ceamara comhionann mar ba bhreá liom é. Tháinig sé aréir, agus seo iad na chéad grianghraf a rinne mé leis.
Clúdach an fhannchlúmháin.
 Dhá súile
An chomharsanacht faoi dhusma maidine fómhair.
Nead ioraí ghlasa ar barr crainn nocht. 
Duilleoga mailpe. Tá siad buí mar an ghrian,
ach is maith liom a
scáthchruthanna chomh maith.