23 December 2008

Madra ag an margadh


Nuair a chuaigh mé chuig an margadh Nollag Gearmáinis i Chicago, bhuail mé le madra mór ag caitheamh parca agus ag ól caife.

22 December 2008

Tá an sorcas imithe


Ón lá a tháinig mé ar ais go dtí an oifig tar éis an toghcháin, bhí i bhfad níos mó gardaí agus baracáidí timpeall an cheantair ná go coitianta. Stopadh an trácht cúpla uair sa lá, agus ní úsáideadh ach doras amháin chun dul isteach. Bhí mo chomhoibrithe ag breathnú ar na motorcades gach lá. Ach inniu is é an chéad lá gan an sorcas, toisc go bhfuil sos tógtha ag an foireann idirthréimhse go dtí mí Eanáir.

Cé hí?


Níl an criathrú slándála an-láidir inár bhfoirgneamh. Tháinig mé mar a bhfeiceann tú ach níor iarr an garda orm dímhascadh chun comparáid a dhéanamh idir mo chárta aitheantais agus mo aghaidh féin. An rud is measa: ní gá dona oibrí le cártaí dul tríd an brathadóir. Níl ach cosúlacht slándála atá ann.

07 December 2008

Oíche dheacair


Is iad ailléirgí a chuir isteach ar mo chodladh; bhí mé ag sraothartach arís is arís go dtí a bhí Kleenex craptha scaipthe thart mar sneachta.

29 November 2008

Príosúnach!


Chonaic mé an spéirbhean seo nuair a bhí muid ag siúl i gCathair Chorcaigh. Níl sí ábalta éalú ón gcláirseach; tá sí dolta, an créatúr!

Rilíf Rúndiamhair


Nílim cinnte cén ceangal idir na ceithre focal seo. Cheap mé ar dtús go baint éigin le drámaíocht chlasaiceach Ghréigis ab ea, ach ní dóigh liom. Creidim anois nach bhuil ach sampla eile Art Deco Chicago ann, ach nach bhfeiceann tú taobh "trippy" air? Táim ag smaoineamh ar na gcrainn ó H.R. Pufnstuf (1, 2) agus an stíl ag Sid & Marty Krofft...

27 November 2008

Na fataí móra


Mícheál Mac Donnchadha & Máirtín Tom Sheáinín ag meáchan na bhfataí.

MTS

An fata is mó?

26 November 2008

Ní íomhá atá ann, ach...

Seo an méid a rinneamar lá an toghcháin mór agus muid ar saoire i gConamara:

Ardtráthnóna: Dé Máirt 04 Samhain 2008
Beirt cheoltóirí as Chicago Mheiriceá atá ar chuairt i gCeantar Chonamara. Bíonn siad ag foghlaim Gaeilge i Chicago & tháinig siad go hÉirinn do Fhéile an Oireachtais.

Bhíomar díreach tar éis na fataí móra!
Mícheál Mac Donnchadha & Máirtín Tom Sheáinín ag meáchan na bhfataí a tháinig isteach do chomórtas na bhfataí móra.

18 November 2008

17 November 2008

Cad atá tú ag dearcadh air?


Chonaic mé an crèche deas seo i bhfuinneog siopa. Agus taobh thiar de, ar an mballa, comhartha suimiúil a dhéanfaidh mé iarracht aistriú dóibh:

Éirítear fiú "Christmas"ciotach le rá le mórán daoine.

Nach aisteach é sin? Ní dhéanann muid ach onórú gine Íosa Críost ag Christmas, mar a dhéanann an formhór inár dtír. An easonóraímis na creidimh eile á rá? Ar ndóigh nach easonóraímis. Theagasc sé dúinn grá agus onóir a thabhairt don saol mór, do gach creideamh. Agus sin a dhéanann muid. Agus dá dhéanamh, seasann muid inár gcreideamh féin.

Go mbíodh Nollaig shona duitse agus do chách is ansa leat. Go dtaithímid uile na fírinní a theagasch an Críost dúinn. Agus go mbíodh ár ndomhan níos fearr, agus níos gile, do chách.

Friotal cosantach agus carthanach ag an am céanna. Sin an áit a bhfuil muid anois.

11 November 2008

Duilleoga deireanaí


Níl aon cleas ann - tá gach dath is féidir sa thor beag seo. Is breá liom an fómhar!

10 November 2008

An chéad lá ar ais i Chicago


Níor shamhlaigh mé cén rudaí nua a bheicfinn nuair a dtiocfadh mé ar ais go Chicago tar éis an toghchán. Tá meirgí móra sna sráideanna ón méara.

Agus tá camper veain ag na póilíní náisiúnta agus baracáidí ann chomh maith. Fuair mé amach go bhfuil oifig ag an seanadóir sa bhfoirgneamh os comhair linn.

24 October 2008

Mo rogha


Táim tar éis vótáil, sa chompord mo chistin agus mo fhallaing folctha.

Agus seo an chuid is suimiúla na ballóide. Feicfidh muid go luath...

Nóta beag: I Chicago, níl aon iontas go bhfuil a lán sloinní Éireannaí ar an mballóid (agus Pólannaí agus Spáinní ina measc). Más maith leat cruthúnas, breathnaigh ar an suiomh seo, atá liosta iomlán iarrthóirí breithiúna sa chontae, agus a meastacháin óna comhluadair barra áitiúla.

22 October 2008

Nach bhfuil ocras ort?


Réitigh mé prátaí le haghaidh an dinnéar. Cheap mé go mbeadh cuid beag "p*rna bia" in ord.

19 October 2008

Ceiliúradh anseo aréir


Maisíodh le páipéar leithris an teach seo aréir. Ní raibh mé ann, ach tá a fhios agam nach ndéantar a leithéid de maisiúchán i gcaitheamh an lae; níl an solas ceart don jab ach san oíche.

18 October 2008

Lean ort!


Fuair mé an planda seo a bhí chomh fiosrach sin faoi céard a bhí ar an taobh eile den fháil.

15 October 2008

Ceamara briste arís :^(


Bhuel, tharla arís é. Thit sé ar an urlar. Cheap mé go raibh sé ceart go leor, ach seachtain tar éis sin, theip cludach an lionsa ar oscailt go hiomlán. Ní dhúnann sé go ceart ach oiread. Mar sin, ar ais leo go dtí an ionad deisiúcháin. An bhfuil aon seans go mbeidh sé réidh roimh dul ar laethanta saoire an 27ú?
(Dála an scéíl: sin bus cairdín a thóg an coirnéal go dona. Stad an trácht le cúpla nóiméad agus é ag chúlú chun dara iarracht a dhéanamh.)

10 October 2008

Tá a fhios agam ca bhfuil mé ag dul...


Is doigh liom go bhfuil fios na treoracha agam faoi dheireadh! (An bhfuil aithne agat ar an amhrán sin?)

06 October 2008

Ta bratach ar do dhroim


Mala droma trídhathach ó Crocs. An-éadrom gan dabht.

04 October 2008

Toradh tarraingteach


Mearóga mealltacha...


bachlóga Bhruiséile bhloiscíneacha...


agus úlla ainríanta. Nach macnasach an margadh?

26 September 2008

Éiríonn na rudaí dáiríre anois


Chonaic mé báirse ar an abhainn.

Ar an abhainn faoi foirgneamh an stocmhargaidh.

Comhlacht scartála atá ann. De réir cosúlachta, tá an ghéarchéime eacnamaíochta níos measa nár a cheap mé!

19 September 2008

Bí ag caint mar foghlaí mara!


Má nach raibh an t-eolas agat, is Lá Idirnaisiúnta le Bheith ag Caint ar Nós Fhoglaí Mara ann inniú. ARRR!!

Ógbhean Órga


Chonaic mé sa traein í an maidin seo. In anneoin a aois, tá sí galanta ar fad. Is fíor "Golden Girl" í.

Ar son na bpáistí


Díolann baill den ghrúpa Knights of Columbus milseáin gach bhliain mar tionscadal tiomsaithe airgid. Úsáidtear an t-airgead a bhaileann siad le haghaidh títhe le páistí mallintinneacha.

15 September 2008

Comhartha cinnte an fhómhair


Nuair a athraítear na plandaí sna gairdíní poiblí, agus a ghlacann cabáistí maisiúla agus criosantamaim crua a áit, ta a fhios go maith agam go dtiocfaidh an fómhar go díreach.

14 September 2008

Nach cliste thú!


Chonaic mé gluaisteáin Smart, agus é parcáilte in aice le Escape atá dhá oiread chomh mór agus eisean.

13 September 2008

Is breá linn an fearthainne


Giolcacha sa linn i ndiaidh teach m'athar. An bhfuil rud ar bith níos uaine ná sin?

12 September 2008

Dorcha


Agus a bhí mé ag lorg réamhaisnéis ó Weather Underground, an suíomh aimsire is fearr liom, ar a ceathair a chlog ar maidin, nach iontas mór a bhí orm: tá sé...dorcha!

10 September 2008

Nótaí neamhghlaolmhara


Is ceoltóir é, ach ní ceoltóir ceolmhar é. Bualaim leis gach maidin, agus ní aithním riamh an fonn atá sé ag seinnm. Ní locht é sin, tá a fhios agam, ach nílim sásta riamh chloisteáil leis. Ní thaitníonn liom a nós, a stíl, a chur chuige--agus sin an fáth nach dtugaim riamh airgead dó. Seinnm ceol mé féin, agus tá meas agam, ach ní maith liom a cheol. Amusia, b'fhéidir?

08 September 2008

Ar bord libh!


Ní fheictear ach cosa na daoine ag fanacht dul ar bord an traenach.

07 September 2008

06 September 2008

Páirtí an bainise


Nach deas é? Na cailíní coimhdeachta sa pháirc le grianghraif a thógáil le chéile.

Ah, tá an radharc níos suimiúil anois: toitíní agus deoch! (Tá an ceart agat, is limousine trucála ur sínte é.)

05 September 2008

Creathadh ceolmhar


Fuair mé an déarcadh seo suimiúil agus a bhí sé ag seinm giotar. Is maith liom na scáileanna. Bhí an ceol go deas freisin!

04 September 2008

Casann an ceolaire na bliúanna


Fuair muid ceolaire ar maidin taobh amuigh denár bhfoirgnimh. Níl a fhios agam an raibh sé tinn nó gortaithe nó gruama. Chaith muid am beag á chuimilt, ansin chuir muid i ngairdín é. Ar dtús ní raibh aon suim aige imeacht, ach faoi dheireadh bhí sé sásta léim síos ar an dtalamh agus dul as radharc faoina duilleoga.

03 September 2008

Fainic!


Ba dhóigh gur íosfaidh an damhán alla an dhealbh Ceres ar barr an fhoirgnimh trádála. (Nílim ró-shásta go roghnaigh sé mo fhuinneogsa féin chun suíomh a líonra. Bíonn bailiúchán neambhlasta feithidí i mo amharc anois. :^p

01 September 2008

Duaithníocht le donnsúileacha


Tá mé dofheicthe i measc na blathanna seo! "Susan na súl dubha" a dtugtar orthu.

28 August 2008

Déardaoin grianmhar daoibh!


Ní nóiníní iad na bláthanna seo, ach "Susan-donn-shúileach". Is speiceas bunúsach de na féarthailte Méireceánaí é.

27 August 2008

Nílim réidh!


Tá sé i bhfad ró luath a leithéid earrai a fheiceáil sna siopaí! (Chonaic mé i cógaslann Walgreen's iad anocht.)

26 August 2008

Ealaínne nó loitiméireacht?


Uaireanta feicim graffiti chomh greanta, chomh maisithe...

... nach féidir liom socrú má rud deas nó rud olc é...

...mar go bhfuil mórmheas agam ar an gceardúlacht in ainneoin mé féin.