30 January 2008

Urlár chomh snasta le scathán


Cheap mé go raibh an urlár fós fliuch, ach is é sin an vhearnais nua!

29 January 2008

28 January 2008

Banríon Eanáir


Bhuail mé leí agus í ag siopadóireacht le gúna nua. Bíonn meascán aoiseanna, dtíortha, agus cultúrtha ag cruinnithe den sórt seo. Go coitianta, cloisim blais Sasanaigh agus ceol Éireannach.

26 January 2008

Cé hiad atá ag an ionad inniu?

Uair nó dó sa bhliain, nuair a dtagann muid chun ionad Éireannach an Satharn, tá an carrchlós beaghnach lán. Is léir go bhfuil grúpa mór ag cruinniú ann. Agus is éasca fháil amach cén grúpa atá i gceist. Féach ar na n-uimhirphlátái:


Agus féach ar na ngreamaitheoirí:

Nach bhfuil a fhios agat fós?

Sin é! An "Society for Creative Anachnronism" atá ann.

22 January 2008

Soilsiú agus scáthanna socair


"Mol an lá um thráthnóna" a deirtear, ach nach mbéadh sé diomaíoch fanacht chun deireadh an lae?

21 January 2008

Damhsa Albanach


Is seaimpín damhsa traidisiúnta Garbhchríocha na hAlban í. Ghlac sí páirt i ceiliúradh ar son Robbie Burns.

20 January 2008

Fáilte fuar


Mo náire thú, an té a dhúnfadh teach éan mar a bhí seantán tréighthe ann!

18 January 2008

Iontas ar ithe


Nílim cinnte cén fáth go bhfuil an cuid bia sin chomh suimiúl dó, ach tá athas air, agus sin an rud is tábhachtaí.

16 January 2008

Speiceas i mbaol?


Tháinig ealta lasairéan plaisticheach bándearga go dtí gairdín an chomharsan. Ní barúil agam cad a itheann siad. Péisteanna glóthacha, bfhéidir? Piseánach talún pacála?

15 January 2008

Radharc ar an linn


Seo an radharc ón gcistin tí mo thuismitheoirí. Shíothlaigh mo mhathair inniu. Tá súil agam go mbeidh caifé laidir te leí sna flaithis. Bhí sí ag feitheamh go crua leis.

13 January 2008

Tá na laethanta saoire thart i ndáríre

Bhí mé ag spaisteoireacht agus thug mé faoi deara na trí chomhartha seo sa gháitéar:

Oíche Shamhna

Nollaig

An AthBhliain.

12 January 2008

Mmm, tarra te!


Ag an t-ionad Éireannach chonaic mé na fir seo ag dheisiú linntreog sa charrchlós.

Maoithaíonn siad an tarra le séidlampa.

11 January 2008

An Hudson


Is leis ár gcomharsan an seancharr seo. Is Hudson é, ó 1951 nó 1952 é. Is maith liom na línte, na cuartha, an láithreacht throm atá aige.

10 January 2008

Sólás


D'fhág mo mhathair an oispidéal agus chuaigh sí chun ospís, áit suaimhneach a bhfuil sí compordach.

09 January 2008

Ag trasnáil an sráid nó an abhainn?


Lá fliuch agus te i Chicago i mí Eanáir. Shocraigh mé in aice an choirnéil agus d'fhág mé na daoine. Stealltar mé amach agus amach; bhí sé tuillte agam, gan dabht, agus mise cois shlodáin mar sin.

08 January 2008

Tagann an traein... de réir dealraimh


Cúpla bhliain ó shin, chuirtear comharthaí nua ag an crosaire comhréidh. Seachas cloig fíora, tá taifeadadh cloig ann. Nach cliste é sin? A fhad agus an aimsir tirim, maith go leor. Áfach, nuair atá an aimsir fliuch, is cosúil go bhfuil na comharthaí tinn. Cuireann siad meamhlach mhasmasach in áit ceol callánach. Éist leis tú féin; cad a cheapann tú?

07 January 2008

Bandia an fómhair


Bhí mé ag obair go déanach. Seo an amharc ó mo fhuinneog nua san oíche. Ón chlé: cuid beag den fhoirgnimh "císte bainise", an Bord Trádála, agus an Túr Sears.

Seo Ceres, bandia an fómhair sa miotaseolaíocht Rómhánach.

05 January 2008

Rogha deacair


Nuair a bhí mé i rang fótagrafaíochta, chros an múinteoir orainn íomhá saothar ealaíne a dhéanamh. Bhíomar ann chun ár gcuid ealaíne féin a chruthú. Bhuel, gabh mo leithscéal an uair seo. C'était plus fort que moi. Nach deas na milseóige? Ach cé hí an duine atá ag síneadh a lámh chun an ceann ar dheis...?

04 January 2008

Rud eile a filleadh


Toisc go bhfuil an teach cuíosach sean (céad bhliain d'aois, má tá an cáipéis le creideamh), cuirimid screamh plaisteach ar na fuinneoga sa gheimhreadh. Cuirtear stad lena siorraidh mar sin, agus ní caillfear an oiread sin teas.

03 January 2008

Amharc ó m'oifig nua


D'aimsigh muid go taobh eile den fhoirgnimh seachtain ó shin. Tá fuinneog agamsa ar dheireadh!! Agus seo an amharc. Sin Ceres ar barr an fhoirgnimh Chicago Board of Trade, agus ar dheis, an Túr Sears ar ndóigh. Beidh sé i bhfad níos deacra anois obair go dian mar is cóir dom...

02 January 2008

Paráid faisean gheimhridh


Níl sé éasca cuma banúil a bheith ort nuair atá tú i bhfolach faoi cóta mór trom gheimhridh, ach éiríonn leis an bhean seo le scairf agus mála agus fiú buataisí bándéarga.


Ní maith liom na cótaí fionnaidh. De bhreis ar an gceist eiticiúil, tá siad gránna an cuid is mó den am. Agus má tá tú beathaithe, níl siad feiliúnach ar chor ar bith.

01 January 2008

Fáilte fuar sa bhliain úr


An chéad lá den bhliain úr agus feac le déanamh ach bheith ag amharc ar an sneachta ag titeamh an lá iomlán. Tá sé go hálainn, go háirithe nuair nach bhfuil brú orm dul amach!

Thit timpeall 15 cm sneachta i rith an lae. Feicim cúpla daoine ag glanadh an cosán. An bhfuil siad aidhmeannach nó dubh dóite? Nó an bhfuil sásamh éigin snowblower cumhachtach a úsaid?