Showing posts with label Frainc. Show all posts
Showing posts with label Frainc. Show all posts

01 March 2012

An maith leat Krampouezh?

Gheall mé pancóige Bhriotánaí a ullmhú le haghaidh coisir an Domhnach seo chugainn. Tá dhá shaghas pancóga: má tá siad déanta as plúr cruithneachta, tugtar crêpes orthu. Má úsáideann tú plúr lus na gcearc (buckwheat, blé noir) tá tú ag déanamh galettes (Krampouezhenn gwinizh du). Déanaimse galettes an t-am seo.
Mar is fada ó rinne mé iad, bhí cleachtadh uaim leis an trealamh iomlán:
  • bilig = crepière = grideall
  • gnon = ceirt rollte chun an grideall a bhealú
  • rozell = rateau =  saghas ráca adhmaid chun an fuidreamh a leathnú
  • spanell = spatule = spadal adhmaid chun na pancóige a iompú
 
Agus seo an toradh blasta!

09 March 2008

Turas na Crème Caramel


Ramequin a tugtar ar an mias seo.

Anraith torthaí

An caramal!

Milseog blasta réidh le ithe.

19 December 2007

Lomán Nollag


Bíonn ceant againn inár n-oifig gach bhliain le haghaidh airgead a chruinniú le carthanacht. Thairg mé bûche de Noël arís. Is císte Fhráincis é, i gructh lomán. Tá sé i bhfad níos inite ná fíor lomán, áfach! Déanaim é le Grand Marnier agus uachtair lasctha (?). Tá na muisriúin mar sort a chonaic mé ar gcrann inár tsráid. "Ní ithtear an cuileann!" a scríobh mé ar an nóta a chur mé leis. An rud is fearr: rinne mé é don té a bhuail an ceant, diúlach dar ainm Noel. Mar sin, tar éis mórán blianta a bhím ag dhéanadh an císte siúd, seo mo chéad bûche de Noël de Noël! Tá an t-oideas ar fáil anseo.

01 September 2007

An cúram deireanach


Tá siad ró-mhaith. Cúpla nóiméad roimhe dul go dtí an aerfort, tharraing siad amach cartaí phoist agus leabhar seoltaí agus scríobh siad roinnt beannachtaí ó Meiriceá.

27 August 2007

Buachaillí beaux


Tá ár mbaile ceangailte le baile in iarthar na Fraince. Seo grúpa déagóirí atá ag tabhairt cuairt orainn an seachtain seo. Bhí ceoltóirí old-time ann ag an phicnic. Thugtaí amach bandanas agus hataí as tuí, agus chaith siad an oíche ag rince agus ag pocléimneach thart.

20 July 2007

Biatais baolacha?


Ceann eile ón chartlann. Chonaiceamar an comhartha seo agus muid ag dul trí bhaile bheag san Fhrainc. "Seachain na biatais" a déir sé. Níl barúil agam cad atá i gceist anseo, ach bfhéidir...