Showing posts with label Giúdachas. Show all posts
Showing posts with label Giúdachas. Show all posts

21 December 2009

Pé rud ba mhaith leat


Fuair mé bronntanas inniu. Tá mo chara i ndiaidh filleadh ó turas go Iosrael. Thug sé dreidl dom ó Iarúsailéim. Is saghas caisil é, agus imrítear cluiche leis i rith na féile Giúdacha Chanukah. Tá litir ar gach taobh de, agus déanann siad acrainm den phráis seo (as Eabhrais):
Nun, Gimel, Hei, Shin
Nes Gadol Haya Sham

"Tharla míorúilt mhór ansin."

Tá rud faoi leith leis an dreidl seo agam, áfach. In áit Shin, tá Pei ann ar an ceathrú taobh. Mar sin, tá an acrainm : Nes Gadol Haya Po = "Tharla míorúilt mhór anseo!"

13 April 2009

Milseáin nó Matzoh?


Cé acu a bheith níos mó dúil na ndaoine ann, milseáin Cásca nó matzoh? (Mura bhfuil freagra fós agat, is dócha nár ith tú riamh matzoh!)

07 September 2008

28 March 2008

Lashon ha-ra


Sa traein ar maidin. Níl ach lá tipiciúil ann. Tá an bhean romham ag caint gan stad leis a comrádaí. Bean bhreá dheachóirithe í, ach éiríonn a aghaidh díchumtha agus í ag cúlchaint ar dhuine óna oifig (bean eile, ar ndóigh).
Is peaca trom é, an lashon ha-ra (sin an téarma Giúdach de). Gortaitear trí dhuine: an ceann a insíonn an scéal, an ceann a chloiseann é, agus an ceann a labhraítear faoi.

16 December 2007

Le hais a chéile


Bhíomar ag tiomaint trí Skokie (fo-bhaile Chicago a bhfuil daonra Giúdach tromlaigh ann) nuair a chonaic mé na comharthaí seo i ngar dóibh chéile. Insíonn an phictiúr seo an scéal iomlán, dar liomsa. Bíonn na tradisiúin Giúdacha ag cuimhlint leis an gcultúr tromlaigh Méireceanach; cultúr Críostúil agus tráchtálach é. Bíonn imní i gcónaí ar na dtuismitheoirí nach bhfanfaidh na daoine óga sa reiligiún. Mhealltar iad leis an inneal iomlán Nollag a siúlann gach bhliain anseo. (Is cór le rá go bhfuil an fadhb céanna ag na Críostaithe nach bhfaigheann a luachanna sa nós sin ceiliúrtha).

07 December 2007

Ceithre choinneal


Seo an cheithre oíche Chanukah anocht. Lasann muid cúig choinneal: tugtar shamash (seamáis as Gaeilge, b'fhéidir?) ar an gcéad coinneal. Is é an searbhónta a usáidtear chun na coinnle eile a lasadh. Más maith leat bheith cliste, is féidir leat a rá nach menorah ach ainm ginearálta agus gur chanukiyah an téarma is ceart don coinnleoir craobhach le naoi craobh faoi choinne Chanukah.

22 September 2007

Lá an chuimhnimh


Inniu Yom Kippur, Lá an Leorghníomh. Ag an am céanna, céiliúrtear Yizkor, cuimhneamh an bháis gach ball an phobail. Tá liosta ainmneacha ar mballa inár tsionagóg. Nuair a thagann an Yahrzeit duine éigin, lastar an solas in aice leis a h-ainm. Inniu, tá gach solas ag soilsiú.