Showing posts with label samhradh. Show all posts
Showing posts with label samhradh. Show all posts

18 July 2013

Tonn teasa

Nuair a thagann tonn teasa go hÉireann --
Laetha fada 's oícheanta teo --
Bíonn daoine ag pléascadh le háthas:
"Go raibh aimsir mar seo ann go deo!"
Ach tar éis cúpla lá dá lethéidse
Is ar éigean a bhfuil siad beo:
Tá siad cráite is leáite is dóite
Mar ní thaitníonn an ghrian sin leo.

"Tabhair ar ais dúinn fearthainn is báisteach.
Beimid sásta le scamaill is ceo.

Mar cad é a bhfuil againn géarán faoi
Le haimsir ar nós Mheicsiceo?"

21 July 2011

Comhábhair anraith lachan

B'fhéidir gur chuala tú-- tá an aimsir an-te an tseachtain seo.Bhí mé ar cuairt i mbaile beag, le linn bheag agus crann síorghlas beag agus lachain bheaga. Bhí an lá chomh te sin, agus an ghrian ag dó achan rud leis a solas neamhthrócaireach. D'aimsigh na lachain an scáth amháin a bhí ar fáil, agus d'fhan siad ansin go dtí luí na gréine. Ní raibh siad sásta iompú in anraith lachan!

06 September 2010

Lása ar an líne

D'úsáid mé an líne níocháin nua den chéad uair inniu. Ní líne atá ann, tá cuma crainn nó scátha fearthainne uirthi. Tá sí mar a chéile leis an ceann a bhí ag mo sheanmháthair nuair a bhí mé óg. Bhí mé iontach sásta na h-éadaí a triomú amach faoin spéir agus lá breá gaofar ann.

30 August 2010

Slat óir

Is siombail dheiridh an tsamhraidh dom í, an tslat óir. Nuair a bhí mé an-óg, cheannódh mo mháthair bloc páipéir buí a dtugadh "Goldenrod Tablet" air, ar dheireadh mí Lúnasa, leis na soláthar scoile eile.

26 August 2010

Sclábhaithe pheisteo


Bhí an cóisir bhliantúil pheisteo ar siúl ag ár dteach anocht. Fuair mé clúdach philéir piliúir lán de basal ag an margadh. Thug muid cuireadh don ár gcuid cairde agus réitigh muid peisteo le chéile. Seo iad na fir bochta ag ullmhú an cáis.
Published with Blogger-droid v1.5.4

22 June 2010

Maidin mhaith!

Nó "Ball ó Dhia ar maidin ort," más fearr leat. Caifé amuigh ar an deic, na trátaí ag fás, agus ceol na héin níos airde ná torrán na tráchta fós.

09 June 2010

Trucail trátaí

Cé go tubaiste ar fad ab ea anuraidh lena trátaí, gheall mé dom féin iarracht eile a dhéanamh. D'fhás siad le fuinneamh, agus thainig an t-uafás torthaí, ach d'éirigh gach uile ceann lofa. Cén díomá! Tá súil agam go mbeidh an aimsir níos fearr i mbliana.

An bhfuil tart gorm ort?

Ag an aonach "Blaiseadh Des Plaines" tá do rogha agat idir lemonade (buí) agus sú talún (gorm). Cén dath atá ar do thart?

22 June 2009

Teacht an teaspaigh


Bhí anaimsir againn an t-earrach seo, fionnuair fiú i Meitheamh. Ach faoi dheireadh, tagann an aimsir mhúchta a d'éirigh mé suas léi. Lá deas te a bhí ann inniu, agus amárach beidh sé uafásach te. Agus beimid go léir ag allasú mar an buidéal beorach seo.

28 August 2008

Déardaoin grianmhar daoibh!


Ní nóiníní iad na bláthanna seo, ach "Susan-donn-shúileach". Is speiceas bunúsach de na féarthailte Méireceánaí é.

27 August 2008

Nílim réidh!


Tá sé i bhfad ró luath a leithéid earrai a fheiceáil sna siopaí! (Chonaic mé i cógaslann Walgreen's iad anocht.)

05 July 2008

Tíogair!


Bláthanna arís, a chairde. Tá na lile thíogair comhartha cinnte meánshamhradh dar liom.

30 June 2008

Ag fanacht leis an lá saoire


Is é an lá saoire náisiúnta é Dé hAoine seo chugainn. Bíonn mórshiúl trí lár an bhaile; tá an bealach in aice lenár dteach. Go coitianta, cuireann na daoine fiontracha blancéid, fiú cathoireacha, cois an bhealach moch ar maidin, chun a spás féin a chur in áirithe. Nílimid ach Dé Lúain.

28 August 2007

Ar foluain


Tá roth mór ar Navy Pier i Chicago. Den ard sin, tá an baile leagtha amach mar cluiche páistí. Anseo, radharc éin de síob luascán.

08 August 2007

An rud atá de dhíth ar an domhan anois...


An samhradh seo i Chicago, tá taispeántas ealaíne le feiceáil ar sráideanna an bhaile. Cool Globes a tugtar air, agus sin iarracht eolas a chur ar na daoine faoi téamh domhanda. Tá mórán comhchruinní snáthghloine maisithe de réir an téama sin.

Seo sonra chinn díobh. (Is maith liom na béir bána.)