Showing posts with label uisce. Show all posts
Showing posts with label uisce. Show all posts

21 July 2011

Comhábhair anraith lachan

B'fhéidir gur chuala tú-- tá an aimsir an-te an tseachtain seo.Bhí mé ar cuairt i mbaile beag, le linn bheag agus crann síorghlas beag agus lachain bheaga. Bhí an lá chomh te sin, agus an ghrian ag dó achan rud leis a solas neamhthrócaireach. D'aimsigh na lachain an scáth amháin a bhí ar fáil, agus d'fhan siad ansin go dtí luí na gréine. Ní raibh siad sásta iompú in anraith lachan!

29 April 2011

Fuarán Buckingham


I gcroílár Grant Park i Chicago, tá fuarán álainn ann. Thug Kate Buckingham é mar leacht i gcuimhneamh a dearthár Clarence. Is cóip é de ceann ag Pálas Versailles. Athchóiríodh é i 2000.
Published with Blogger-droid v1.6.8
Publish Post

18 March 2011

Cuan Bhaile Átha Cliath

Bhain muid Baile Átha Cliath amach Dé Céadaoin agus amach liom go Dumhach Trá (Sandymount). Iontas na n-iontas, tráthnóna geal lonrach a bhí ann. Rinneamar siúlóid fada ar an trá agus bhí sé rómánsach ar fad d'ainneoin an chlabair. Chonaic mé an méid sin uigeachtaí éagsúla ann! Chuir sé i gcuimhne dom póstaer an scannáin "Le Grand Bleu".

02 September 2010

An citeal ag canadh


Oicé, ní scannán mór atá ann, ach rinne mé an maidin seo é, roimh fainne an lae. Bainigí sult as.

01 August 2010

Draíocht drúchta

Is mar seoide iad na deora drúchta.

Caitheann na duilleoga trátaí péarlaí moch ar maidin.

13 May 2010

Lá báistí

Níor cheap mé gur thit an méid sin báistí, ach tá an crosbhóthar is giorra den stáisiúin traenach faoin uisce.

09 May 2010

Faoin "Bean"

Bhí an lá fliuch agus fuar. Chuaigh dream mór ar foscadh faoin dealbh "Cloud Gate" atá leasainm "The Bean" air.

08 April 2010

Téigh i do luí

Nuair a bhain muid an t-aigéan amach, bhí muid in am an dul faoi na gréine a fheiceáil. Ba fhiú an turas é.

11 March 2010

Scairdeáin smaragaide

Is í an dea-nuacht ná tá an aimsir te go leor chun na foinse a bheith ar siúl arís i Chicago. Is í an droch-nuacht ná smaoiníodh go mbeadh sé go deas an t-uisce a dathú uaine.

16 September 2009

Drúcht na maidine


Níl an radharc seo chomh pictiúrtha ná braon drúchta ar bhláth nó ar dhuilleog, ach tá sé sonraíoch go leor, gach braon ina sholas geal beag.

12 February 2009

Niagara san oíche


Stop muid thar oíche i Niagara Falls, ar an taobh Chanada. Tá radharc iontach de na easanna (tá dhá chinn ann) ón taobh úd. Ní aontaím leis na dathanna pastel na soilse, ach sin é mar atá sé.

Cuireann an amharc seo i gcuimhne dom meireang!

28 January 2009

Snámhraic sioctha


Ní reoitear Abhainn Chicago ach nuair a éiríonn an aimsir an-fhuair. Ó am go ham, tagann sceilpa oighir isteach ó bhéal an locha. Chonaic mé gach saghas bruscair orthu: buidéil, hata, todóg ramhar...

13 September 2008

Is breá linn an fearthainne


Giolcacha sa linn i ndiaidh teach m'athar. An bhfuil rud ar bith níos uaine ná sin?

10 August 2008

An tusa tuga tugtha?


Seo an bád Solomon Juneau - tuga, is dóigh liom - ar an abhainn Milwaukee.

Cuireann sé i gcuimhne dom "Scuffy an Tuga". Cad a cheapann sibh?

24 February 2008

15 January 2008

Radharc ar an linn


Seo an radharc ón gcistin tí mo thuismitheoirí. Shíothlaigh mo mhathair inniu. Tá súil agam go mbeidh caifé laidir te leí sna flaithis. Bhí sí ag feitheamh go crua leis.

09 January 2008

Ag trasnáil an sráid nó an abhainn?


Lá fliuch agus te i Chicago i mí Eanáir. Shocraigh mé in aice an choirnéil agus d'fhág mé na daoine. Stealltar mé amach agus amach; bhí sé tuillte agam, gan dabht, agus mise cois shlodáin mar sin.

08 January 2008

Tagann an traein... de réir dealraimh


Cúpla bhliain ó shin, chuirtear comharthaí nua ag an crosaire comhréidh. Seachas cloig fíora, tá taifeadadh cloig ann. Nach cliste é sin? A fhad agus an aimsir tirim, maith go leor. Áfach, nuair atá an aimsir fliuch, is cosúil go bhfuil na comharthaí tinn. Cuireann siad meamhlach mhasmasach in áit ceol callánach. Éist leis tú féin; cad a cheapann tú?

17 December 2007

Deatach ar an uisce


OK, ní deatach fíor é. Thug mé faoi deara i gcúrsa na blianta go bhfuil gal uisce le feiceáil nuair a éiríonn an aimsir an-fhuar go tobann.

08 October 2007

Clocháín


Bhog sí go héasca ó chloch go cloch. Creidim gur an lá deas deireanach den bhliain ab ea, agus mise sa pháirc lena céadta páistí.