Showing posts with label ailtireacht. Show all posts
Showing posts with label ailtireacht. Show all posts

29 April 2011

Fuarán Buckingham


I gcroílár Grant Park i Chicago, tá fuarán álainn ann. Thug Kate Buckingham é mar leacht i gcuimhneamh a dearthár Clarence. Is cóip é de ceann ag Pálas Versailles. Athchóiríodh é i 2000.
Published with Blogger-droid v1.6.8
Publish Post

29 August 2010

Túr beorach


Tá ár mbaile "trí fhéile" an deireadh seachtaine seo, le ceol sna sráideanna agus an pobal amach faoin spéir. Agus tá na hailtírí amaitéarach ag déanamh a gceird le pé ábhar atá in aice láimhe.
Published with Blogger-droid v1.5.5.2

18 August 2009

Lá geal i Milbhácaí


Spuaic ar foirgneamh i lár na cathrach i Milbhácaí. Iontas na n-iontas, aontaíonn na dhá aghaidh le chéile - leathuair tar éis a hocht.

17 August 2009

Cuibhrithe


Chonaic mé an foirgneamh seo ceangailte le cáblaí i Milwaukee. Chuala mé go bhfuil sé mar sin le bliain ar a laghad. Tá sé ina suí ar cineál trucaile; an aistreofar é lá éigin?

24 June 2009

Faoin gCalder


Is lasaréin é, an dealbh seo le Alexander Calder. Seasann sé os cionn aonaigh agus agóidí sa gcearnóg seo.

23 June 2009

Crann criaga


Tá maisiúcháin mar seo le feiceáil ar an bhfoirgneamh Franklin, i Printers' Row i Chicago. Is as bríce criaga an crann.

30 April 2009

Mo chleas féin


Chabhraigh mo chara Jeffrey liom chun an dearcadh seo a chur le chéile. Is a lionsa féin a d'usáid mé; tá sé in ann rothlú ina ghléasadh. Scríobh sé an chaoi a rinneadh é, más maith leat féin tríail a bhaint as.

28 April 2009

Cuimnheachán Iwo Jima


Rinneadh an cuimhneachán cáiliúil seo tar éis grianghraif. Tá cúpla scéal ceangailte leis an grianghraf sin (An aicsean nádúrtha ab ea, nó stáidiúir? Cé hé an séu fear? Nach bhfuil an iomarca láimhe ann?)

12 March 2009

Dochreidte


Athbaistfear an Túr Sears i Chicago. Ní dóigh liom go úsáidfimid an t-ainm nua go héasca. (Agus sea, cinnte, d'usáid duine éigin fós an t-athfhriotal ón clár teilifís Different Strokes: "Whatchu' Talkin' 'Bout, Willis?" )

29 November 2008

Príosúnach!


Chonaic mé an spéirbhean seo nuair a bhí muid ag siúl i gCathair Chorcaigh. Níl sí ábalta éalú ón gcláirseach; tá sí dolta, an créatúr!

Rilíf Rúndiamhair


Nílim cinnte cén ceangal idir na ceithre focal seo. Cheap mé ar dtús go baint éigin le drámaíocht chlasaiceach Ghréigis ab ea, ach ní dóigh liom. Creidim anois nach bhuil ach sampla eile Art Deco Chicago ann, ach nach bhfeiceann tú taobh "trippy" air? Táim ag smaoineamh ar na gcrainn ó H.R. Pufnstuf (1, 2) agus an stíl ag Sid & Marty Krofft...

26 September 2008

Éiríonn na rudaí dáiríre anois


Chonaic mé báirse ar an abhainn.

Ar an abhainn faoi foirgneamh an stocmhargaidh.

Comhlacht scartála atá ann. De réir cosúlachta, tá an ghéarchéime eacnamaíochta níos measa nár a cheap mé!

25 August 2008

Chateau Kennedy Expressway


Is breá liom an teach nua seo atá á thógáil os cionn an motorbhealaigh i Chicago. Tá cuma chaisleáin air, nach bhfuil? Ach is dócha nach bhfuil sé ró chiúin ar na léibheanna nó na balcóin leis an trácht thios úd ar an gKennedy.

11 August 2008

An príosúnach


Tá Halla na Cathrach Milwaukee á athchóiriú faoi láthair. Cuireann an amharc súl i gcuimhne dom Gulliver, leis an méid sin scafaill.

08 August 2008

Tairngreacht rúndiamhair


Ó am go ham, tá scaileanna mar seo le feiceáil ar balla fhoirgnimh móra i Chicago. Is maith liom tairngreacht rúndiamhair a shamhlú ann, mar sa leabhair Daniel sa mBíobla. Cén saghas teachtaireacht atá fágtha linn mar seo?:
- "Beidh na Cluichí Oilimpeacha ag siúl i Chicago i 2016. Éalaigh roimh a mbeidh sé ró dhéanach."
- "An chaoi cinnte, slán agus éasca 5 kg a chailleadh i seachtain amháin ná..."
- "Má tá tú in ann é seo a léamh, tá tú ró-chóngarach."

26 July 2008

Ascaillí Atlais


"Is fuath liom an jab seo. Níl aon dhínit ann a bheith ag iompar sceimhle. Dá mbíodh fiu díbholaíoch agam..."

30 April 2008

Jab nár mhaith liomsa


Ní fheicfidh tú liomsa ar sreang chaol ag ní fuinneoga ar an bhfichiú úrlár!

26 March 2008

Teach beag ar na bhféarthailte


Tógadh an teach seo um 1870 le saoiste den úllord a bhí ann ag an am sin. Tá roinnt títhe mar seo sa chomharsanacht. Méadaíodh an cuid is mó daoibh, ach maireann an chumraíocht bhunúsacha ag an ceann seo.

24 March 2008

Ceann amháin eile


Tugtar "dul chun cinn" é, seanthíthe a scriosadh chun clóis pairceála a thógáil.

21 March 2008

Biora fiacla fathaigh


Ualach adhmaid le fírinne, ach bheadh sé gan samhlaíocht ar bith mar teideal.